Cad is Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta ann?
Tá sé limistéar pleanála teanga Gaeltachta is fiche ainmnithe faoi Acht na Gaeltachta 2012. Tá an próiseas pleanála teanga Gaeltachta ar siúl iontu le gur féidir leo a stádas a choinneáil mar cheantair Ghaeltachta.
Cuireann Údarás na Gaeltachta tacaíocht agus cabhair ar fáil do na limistéir pleanála teanga Ghaeltachta. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ag www.udaras.ie.