Chruthaigh Acht na Gaeltachta 2012 bunús reachtúil don phróiseas pleanála teanga. Déanann Acht na Gaeltachta foráil le haghaidh pleananna teanga a ullmhú i bpobail i gceantair a d’fhéadfadh a bheith aitheanta mar limistéir pleanála teanga Ghaeltachta, bailte seirbhíse Gaeltachta nó líonraí Gaeilge.

A luaithe is atá plean teanga dréachta ag pobal dá gceantar, ní mór an plean seo a bheith ceadaithe ag aire ábhartha chun stádas oifigiúil a fháil agus le tús a chur le cur i bhfeidhm an phlean teanga.

Tá na céimeanna a bhaineann leis an bpróiseas pleanála teanga leagtha amach sna Treoirlínte Pleanála Teanga (Eagrán 5) arna fhoilsiú ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta.

Bíonn gach próiseas pleanála teanga éagsúil ag bráth ar riachtanais agus ar mhianta na bpobal agus beidh tionchar ag staid reatha na Gaeilge sa cheantar freisin ar an bplean teanga. Cé go bhfuil cuir chuige éagsúla ann chun bailte seirbhíse Gaeltachta agus líonraí Gaeilge a roghnú, leantar an próiseas pleanála teanga céanna.

Seo a leanas na céimeanna comónta a tharlaíonn i ngach próiseas pleanála teanga:

Céim 1:  An pobal a chur ar an eolas faoin bpróiseas  

Próiseas rannpháirteach atá sa phróiseas pleanála teanga agus tá ionchur an phobail de dhíth ag gach céim den phróiseas. Ag tús an phróisis, eagrófar cruinniú nó sraith cruinnithe poiblí leis an bpobal a chur ar an eolas faoin bpróiseas pleanála teanga.

 Céim 2: Iarratais ó eagraíochtaí le bheith ina ceanneagraíocht le linn an phróisis

Beidh próiseas iarratais ar oscailt do ghrúpaí nó eagraíochta le bheith roghnaithe mar an cheanneagraíocht don phróiseas pleanála teanga. Beidh an grúpa seo freagrach as dréachtú an phlean teanga, cumarsáid leanúnach leis an phobal agus riaradh na maoinithe tacaíochta atá ar fáil leis an phlean teanga, cumarsáid leanúnach leis an bpobal agus an maoiniú tacaíochta atá ar fáil a riar chun an plean a ullmhú.

Céim 3:  Ceapadh na ceanneagraíochta

Ceapfar ceanneagraíochtaí le bheith i gceannas ar an bpróiseas pleanála teanga i limistéar ar leith i gcomhar le coiste stiúrtha pleanála teanga ina mbeidh ionadaithe ó réimsí éagsúla ón bpobal, mar shampla, na healaíona, earnálacha an ghnó, scoileanna áitiúla etc. Déanann Foras na Gaeilge measúnú ar an iarratas/na hiarratais agus roghnófar grúpa mar an cheanneagraíocht don cheantar sin. I gcás líonraí Gaeilge tarlaíonn Céim 2 agus Céim 3 roimh thús an phróisis.

 Céim 4: Ullmhú an phlean teanga

A luaithe is a bheidh an cheanneagraíocht ceaptha chun an phleanáil teanga a dhéanamh, is féidir leis tréimhse suas le dhá bhliain a ghlacadh chun an plean teanga a scríobh. Tá tuilleadh eolais maidir leis an gcéim seo ar fáil thíos. A luaithe agus a bheidh an plean scríofa agus aontaithe leis an bpobal cuirfear chuig an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán nó chuig Foras na Gaeilge le faomhadh.

Céim 5: Ceadú an phlean teanga

Déanfaidh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an plean teanga a fhaomhadh  do ghrúpaí atá lonnaithe ó dheas agus déanfaidh bord stiúrtha Fhoras na Gaeilge pleananna a fhaomhadh do ghrúpaí atá lonnaithe ó thuaidh i ndiaidh measúnú a dhéanamh air agus aithneofar an ceantar go hoifigiúil mar bhaile seirbhíse Gaeltachta nó mar líonra Gaeilge.

Céim 6: Cur i bhfeidhm an phlean teanga

Cuirfear an plean teanga i bhfeidhm ar feadh tréimhse seacht mbliana. Déanfaidh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán nó Foras na Gaeilge athbhreithnithe tréimhsiúla ar an bplean le linn na seacht  mbliana agus cuirfidh Foras na Gaeilge tacaíocht agus cabhair leanúnach ar fáil.

Language plans must be a language planning criteria as set out in the guidelines and also cover a series of language planning remits.

Seo thíos trí fhíseán ó Ghlór na nGael le tuilleadh eolais ar an phróiseas pleanála teanga:

Sruthanna Eagrán 1

Spriocanna agus Gníomhaíochtaí

Gaelphobal
Sruthanna Eagrán 2

Spriocanna agus Gníomhaíochtaí

Gaelphobal
Sruthanna Eagrán 3

Spriocanna agus Gníomhaíochtaí

Gaelphobal

Cláraigh dár Nuachtlitir

chun coinneáil suas chun dáta leis an nuacht agus na himeachtaí is déanaí.
Newsletter Signup
Form Validation

Gaelphobal
Gaelphobal
Gaelphobal