Tá baile An Chlocháin ar iarthar Chontae na Gaillimhe. Tá daonra thart fá 1,500 sa bhaile ach freastálaíonn an bhaile ar chuid mhór daoine a chónaíonn sna ceantair máguaird, ar nós na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltacht in iarthar Chontae na Gaillimhe.
In 2022 ceapadh Fóram Conamara mar cheanneagraíocht ar an bpróiseas pleanála teanga sa bhaile i gcomhar le heagraíochtaí pobal eile atá ar an gcoiste stiúrtha pleanála teanga. Tá obair ar siúl i láthair na huaire le plean teanga a ullmhú don bhaile le cur le labhairt na Gaeilge sa bhaile agus leis na seirbhísí atá ar fáil trí mheán na Gaeilge a mhéadú.