Tá baile Dhún Garbhán lonnaithe i gContae Phort Láirge agus tá daonra de 9,227 sa bhaile dár leis an daonáireamh is déanaí. Freastalaíonn an baile ar mhuintir na Gaeltachta i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta na Déise.
Ceapadh Dún Garbhán le Gaeilge mar cheanneagraíocht ar an bpróiseas pleanála teanga sa bhaile, eagraíocht chomhdhéanta d’eagraíochtaí áitiúla, ionadaí ón Chomhairle Chontae, scoileanna áitiúla agus eile. Ceadaíodh plean teanga Dhún Garbhán i mí Iúil 2022.
Léigh a thuilleadh: