Tá Trá Lí lonnaithe i gContae Chiarraí agus tá daonra de 23,691 ina gcónaí ann, dár leis an daonáireamh is déanaí. Freastalaíonn an baile ar mhuintir na Gaeltachta i Limistéar Pleanála Teanga Chiarraí Thiar
Ceapadh Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí mar cheanneagraíocht ar an bpróiseas pleanála teanga sa bhaile i gcomhar le Trá Lí le Gaeilge, coiste stiúrtha pleanála teanga. Rinneadh taighde ar bhonn áitiúil agus bhí comhairliúchán le pobal Thrá Lí maidir leis na bearta a cuireadh isteach i bplean teanga Thrá Lí, atá anois ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta agus atá á chur i bhfeidhm faoi láthair.