Tá réimse scéimeanna agus tacaíochtaí ar fáil do ghrúpaí a bhfuil baint acu leis an phleanáil teanga lasmuigh den Ghaeltacht. Thíos, is féidir teacht ar eolas ar chuid de na scéimeanna agus tacaíochtaí eile a bheadh úsáideach do ghrúpaí le linn a n-aistear pleanála teanga.
An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge (Caipiteal)
Is féidir le coistí/eagraíochtaí pobalbhunaithe, a fheidhmíonn trí Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, iarratas a dhéanamh faoi Scéimeanna Tacaíochtaí Gaeilge na Roinne. Cuirtear maoiniú ar fáil chun cabhrú leis na costais a bhaineann le hionaid Ghaeilge a thógáil/athchóiriú agus chun foirgnimh a cheannach le húsáid mar ionad Gaeilge agus/nó trealamh a cheannach dá leithéid d’ionaid. Is é an cuspóir atá leis an chuidiú caipitil a chuirtear ar fáil faoin gciste seo an Ghaeilge a threisiú mar theanga pobail agus teaghlaigh i gcomhréir le cuspóirí Acht na Gaeltachta 2012 agus na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar an scéim agus foirm iarratais a íoslódaíl anseo.
Glór na nGael
Céimeanna
Scéim forbartha do ghrúpaí úra agus do ghrúpaí beaga Gaeilge chun cuidiú leo bheith in ann a mianta féin maidir leis an Ghaeilge sa phobal a chomhlíonadh. Is féidir leat tuilleadh eolais a fhail anseo.