Céard é baile seirbhíse Gaeltachta?
Is éard atá i gceist le baile seirbhíse Gaeltachta ná baile ina bhfuil daonra 1,000 duine ar a laghad atá suite i limistéar pleanála teanga Gaeltachta nó cóngarach dó, agus a bhfuil ról suntasach aige maidir le seirbhísí sóisialta, eacnamaíocha agus fóillíochta a sholáthar do dhaoine sa cheantar sin.
Tá sé bhaile seirbhíse Gaeltachta déag ar fad ann, trí cinn suite laistigh de cheantar Gaeltachta agus trí cinn déag suite lasmuigh di. Tá Údarás na Gaeltachta nó Foras na Gaeilge, de réir mar is cuí, freagrach as tacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí maidir le hullmhú agus cur i bhfeidhm pleananna teanga sna bailte seirbhíse Gaeltachta.












