Tá daonra de 2,168 i mBaile Dhún na nGall dár leis an daonáireamh is déanaí. Tá an baile suite i gContae Dhún na nGall agus freastalaíonn sé ar mhuintir na Gaeltachta ó Dhún na nGall Theas agus an Ghaeltacht Láir.
Beidh próiseas pleanála teanga ar siúl sa bhaile go luath. Le tuilleadh eolais a fháil maidir leis an bpróiseas pleanála teanga seo, cuir ríomhphost chuig gaelphobal@forasnagaeilge.ie.