Cad is pleanáil teanga ann?
Próiseas stratiéiseach atá sa phleanáil teanga chun gníomhaíochtaí a chur i bhfeidhm a imreoidh tionchar ar nósanna teanga atá i bpobal ar leith. Próiseas rannpháirteach i gceist le hionchúr ó réimse leathan páirtithe leasmhara chun aidhmeanna chomhaontaithe a aimsiú agus chun bearta taighde-bhunaithe a chruthú a thacóidh le cur chun cinn agus le húsáid na teanga.
Cad é an bunús leis an phróiseas pleanála teanga?
Cuireadh tús oifigiúil le próiseas pleanála teanga in Éirinn le hAcht na Gaeltachta 2012. Is mar gheall ar an reachtaíocht seo go bhfuil stádás oifigiúil ag Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus ag Líonraí Gaeilge fud fad na tíre. Is féidir an reachtaíocht a léamh anseo.
Cad é an difear idir Líonra Gaeilge agus Baile Seirbhíse Gaeltachta?
Aithnítear Bailte Seirbhíse Gaeltachta mar gheall ar phróiseas comhairlicúcháin a reachtáladh in 2014 nuair a aithníodh an ról tábhachtach atá ag na bailte siúd maidir le seirbhísí a chur ar fáil do Limistéir Phleanála Teanga Ghaeltachta atá in aice leo. Ag an am sin, aithníodh sé bhaile déag mar bhailte a d’fhéadfadh stádás oifigiúil mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta a bhaint amach agus tá pleananna teanga scríofa, faofa, agus á gcur i bhfeidhm ag an mhórchuid acu faoin am seo. Is féidir tuilleadh eolais faoi Bhailte Seirbhíse Gaeltachta a aimsiú anseo.
Aithnítear Líonraí Gaeilge mar gheall ar phróisis iarratas eagraithe ag Foras na Gaeilge. Mar chuid den phróiseas seo, déan ceanneagraíochtaí féideartha mbeadh suim acu plean teanga a scríobh dá ceanntar iarratas le Foras na Gaeilge chun suim a léiriú. Tugtar acmhainní agus tacaíocht ar leith d’iarrthóirí ráthúla sna próisis seo chun pleananna teanga a scríobh, a bheith faofa, agus a chur i bhfeidhm. Is féidir tuilleadh eolais faoi Líonraí Gaeilge a aimsiú anseo.
Cad iad na céimeanna chun plean teanga a scríobh?
Tá na céimeanna chun plean teanga scríobh leagtha amach anseo.
Cad é an t-amscála chun plean teanga a scríobh agus a fheidhmiú?
Faoin phróiseas pleanála teanga, bíonn suas le dhá bhliain ag ceanneagraíocht chun plean teanga a scríobh. I ndiaidh don phlean sin faomhadh a fháil, bíonn seacht mbliana ag ceanneagraíocht an plean sin a chur i bhfeidhm.
Cén ról atá ag Foras na Gaeilge sa phróiseas pleanála teanga?
Tá Foras na Gaeilge ainmnithe in Acht na Gaeltachta 2012 mar an eagraíocht a chuirfidh tacaíocht ar fáil d’aon eagraíocht lasmuigh den Ghaeltacht atá páirteach sa phróiseas pleanála teanga. Tá an ról seo á chomhlíonadh ag Foras na Gaeilge trí dlúth-chomoibriú leis na pobail atá sa phróiseas pleanála teanga, Líonraí Gaeilge agus Bailte Seirbhíse Gaeltachta lasmuigh den Ghaeltacht ina measc. Cuireann Foras na Gaeilge comhairle, treoir, oiliúint, deiseanna gréasánaíochta agus maoiniú ar fáil do na grúpaí seo ag gach céim sa phróiseas pleanála teanga, ó dhréachtú an phlean teanga go cur i bhfeidhm an phlean.
Ba mhaith liom tuilleadh eolais faoin phleanáil teanga sa Ghaeltacht.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin phleanáil teanga sa Ghaeltacht ar shuíomh Údarás na Gaeltachta anseo: www.udaras.ie
Cén dóigh gur féidir tuilleadh eolais a fháil?
Má tá tuiilleadh eolais uait ar an phróiseas pleanála teanga lasmuigh den Ghaeilge, is féidir teagmháil a dhéanamh linn ar gaelphobal@forasnagaeilge.ie.
Do cheisteanna ar bith a bhaineann le Foras na Gaeilge agus na scéimeanna eile atá ar fáil ón eagraíocht, is féidir teagmháil a dhéanamh le eolas@forasnagaeilge.ie.