Bígí linn don dara chomhdháil idirnáisiúnta ar an phleanáil teanga in Éirinn, a bheidh ar siúl Déardaoin an 12 Samhain 2026 i Treacy’s West County Hotel, Inis, Contae an Chláir.
Tiocfaidh cleachtóirí, taighdeoirí, feidhmeannaigh beartas agus go leor eile ó phobal na Gaeilge go ginearálta le chéile in Inis, Contae an Chláir, don dara chomhdháil idirnáisiúnta pleanála teanga.
Déanfar fiosrú agus plé ar na bealaí éagsúla gur féidir leis an phróiseas pleanála teanga in Éirinn tacú le sealbhú na Gaeilge i ngach aoisghrúpa, agus do gach leibhéal cumais sa teanga, lasmuigh den chóras oideachais.
Is é téama na comhdhála seo ná ‘Sealbhú na Teanga lasmuigh den Chóras Oideachais.’
Beidh na cainteanna agus óráidí trí Ghaeilge nó trí Bhéarla le haistriúcháin comhuaineach ar an fáil ar an lá.
Is féidir leat amharc siar ar na cainteanna ón Chomhdháil Pleanála Teanga i 2024 anseo
Tá clár an lae 2026 ar fáil anseo Clár na Comhdhála
Ní mór áiteanna a chur in áirithe tríd an nasc Ticéad na Comhdhála
Tá Comhdháil Pleanála Teanga á heagrú ag Foras na Gaeilge le tacaíocht ó Roinn Forbartha Pobal agus Tuaithe agus Gaeltachta.
