Cad é Gaelphobal?
Is é an sprioc atá ag an bhranda Gaelphobal ná feasacht agus tuiscint a ardú maidir leis an phróiseas pleanála teanga atá ar siúl in Éirinn, go háirithe lasmuigh den Ghaeltacht. Clúdaíonn sé seo Líonraí Gaeilge, cuid mhór de na Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus an próiseas ar bhonn náisiúnta.
Cuireann suíomh Gaelphobal tacaíocht agus treoir ar fáil do ghrúpaí atá páirteach sa phróiseas pleanála teanga, chomh maith le solas a chaitheamh ar an obair atá ar siúl i bpobail bainteach leis an próiseas fud fad na tíre.
Is prósieas é an pleanáilte teanga a láidríonn agus a thugann tacaíocht don Ghaeilge i bpobail áitiúla ar bhealach straitéiseach, ag baint úsáid as taighde, aidhmeanna comónta agus pleanáil taighde-bhunaithe.
An Próiseas Pleanála Teanga
Ó theacht isteach Acht na Gaeltachta 2012, tá próiseas pleanála teanga foirmeálta ar siúl in Éirinn.
Cuireann an tAcht bunús reachtáil le bunú Líonraí Gaeilge, Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta. Seo iad na hainmneacha a thugtar ar mhodhanna éagsúla aitheantas do cheantair thíreolaíochta sa phróisea. Sna ceantair seo, tháinig an pobal le chéile chun plean teanga a scríobh agus tá faomhadh agus maoiniú anois faighte ag na ceantair seo chun an plean teanga a chur i bhfeidhm.
Is í an aidhm atá ag aon phlean teanga ná húsáid na Gaeilge a ardú i gceantar ar leith agus le cur le líon na gcainteoirí Gaeilge laistigh ann. Baintear é seo amach trí phleanáil straitéiseach, forbairt phobail agus béim ar sholáthar seirbhíse trí mheán na Gaeilge sna ceantair seo.
Cén ról atá ag Foras na Gaeilge sa Phróiseas Pleanála Teanga?
Tá Foras na Gaeilge ainmnithe in Acht na Gaeltachta 2012 mar an eagraíocht a chuirfidh tacaíocht ar fáil d’aon eagraíocht lasmuigh den Ghaeltacht atá páirteach sa phróiseas pleanála teanga.
Tá an ról seo á chomhlíonadh ag Foras na Gaeilge trí dlúth-chomoibriú leis na pobail atá sa phróiseas pleanála teanga, Líonraí Gaeilge agus Bailte Seirbhíse Gaeltachta lasmuigh den Ghaeltacht ina measc. Cuireann Foras na Gaeilge comhairle, treoir, oiliúint, deiseanna gréasánaíochta agus maoiniú ar fáil do na grúpaí seo ag gach céim sa phróiseas pleanála teanga, ó dhréachtú an phlean teanga go cur i bhfeidhm an phlean.
Feidhmíonn Foras na Gaeilge mar chomh-chathaoirleach ar Fhóram Pleanála Teanga na nÚdarás Áitiúil i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta. Suíonn na Príomhfheidhmeannaigh ó na húdaráis áitiúla uilig ina bhfuil próisis pleanála teanga ar siúl iontu.


