Tá na heagraíochtaí seo a leanas bainte go díreach nó go hindíreach leis an bpróiseas pleanála teanga féadfaidh siad a bheith in ann tacaíocht a chur ar fáil do ghrúpaí atá páirteach sa phróiseas pleanála teanga.

Glór na nGael
Forbairt pobail agus geilleagair
Tá freagracht ag Glór na nGael as trí phríomhréimse oibre: forbairt na Gaeilge sa teaghlach, i measc grúpaí pobail agus forbairt na teanga in earnáil an ghnó.
read more
Conradh na Gaeilge
Ardú feasachta, cosaint teanga agus abhcóideacht
Is fóram daonlathach é Conradh na Gaeilge do phobal na Gaeilge a oibríonn le hionadaíocht a dhéanamh ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta in Éirinn agus timpeall an domhain.
read more
Gael Linn
Oideachas in earnáil an Bhéarla agus do dhaoine fásta, deiseanna do dhaltaí scoile an Ghaeilge a úsáid
Clúdaíonn clár imeachtaí Ghael Linn trí príomhréimse oibre: an earnáil oideachais, imeachtaí le tacú le húsáid na Gaeilge agus mír ghnó na heagraíochta.
read more
Cumann na bhFiann
Deiseanna úsáide Gaeilge a fhorbairt do dhaoine óga
Is é príomhaidhm Chumann na bhFiann deiseanna a chur ar fáil do dhaoine óga an Ghaeilge a úsáid lasmuigh den scoil. Cabhraíonn sé seo nósanna Gaeilge a chothú agus an Ghaeilge a úsáid ar bhonn sóisialta.
read more
Gaeloideachas
Gaeloideachas, tumoideachas agus réamhscolaíocht lán-Ghaeilge
Is eagraíocht é Gaeloideachas a thacaíonn le hoideachas trí Ghaeilge – réamhscoil, bunscoil agus scolaíocht dara leibhéal lasmuigh den Ghaeltacht.
read more
An tOireachtas
Deiseanna a chruthú le tacú le húsáid na Gaeilge trí líonraí a bhunú
Eagraíonn Oireachtas na Gaeilge an fhéile Ghaeilge is mó sa tír, Oireachtas na Samhna, chomh maith le comórtas liteartha, gradaim chumarsáide bhliantúla agus go leor eile.
read more