Tá beagnach 20,000 ina gcónaí i Leitir Ceanainn agus tá Gaeilge éigin ag thart fá 7,000 acu siúd dár leis an daonáireamh is déanaí. Is í Leitir Ceanainn an baile is mo i gContae Dhún na nGall agus mar gheall ar cé chomh mór agus atá sí agus mar gheall ar an áit ina bhfuil an bhaile suite tagann cuid mhór daoine ó na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta máguaird ar chuairteanna go Leitir Ceanainn le leas a bhaint as na seirbhísí atá ar fáil. Mar sin de, cé go léiríonn staitisticí go labhraíonn 2.87% de dhaoine sa bhaile Gaeilge ar bhonn laethúil lasmuigh den chóras oideachais, tá an fhigiúr i bhfad níos airde ná sin nuair a chuirtear na cuairteoirí ó cheantair Gaeltachta chuig an bhaile san áireamh.
Tá dhá Ghaelscoil i Leitir Ceanainn, Gaelscoil Adhmhanáin agus Coláiste Ailigh. Tarlaíonn ranganna Gaeilge i réimse áiteanna sa bhaile, mar shampla oifig Líonra Leitir Ceanainn, an BOO, Cara House, CLG Naomh Adhmhanáin agus Gaeil Leitir Ceanainn.
Comhordaitheoir Pleanála Teanga
Ainm: Bairbre Uí Chathail
Ríomhphost: bairbre.cpt@lionralc.ie
Fón: 074 9127479