Tá taighde sa phobal rí-thábhachtach sa phróiseas pleanála teanga. Cruthaíonn céim an taighde bunchloch tábhachtach ann do na bearta a chuirfear sa phlean teanga agus don mheasúnú a dhéanfar ar dhul chun cinn an phlean teanga sa todhchaí.
Cén ról atá ag taighde pobal sa phleanáil teanga?
Tá go leor róil ag an taighde sa phobal sa phróiseas pleanala teanga, mar shampla:
- Is féidir nósanna úsáide teanga reatha a mheas
- Is féidir mianta an phobail a mheas i leith na Gaeilge
- Is féidir bearnaí nó deiseanna a aithint
- Is féidir patrúin a aithint, láidreachtaí agus laigeachtaí an cheantair a fheiceáil
- Is féidir buncloch a leagadh síos chun measúnú a dhéanamh sa todhchaí
Cén modhanna taighde gur féidir a úsáid sa phobal?
Is féidir modheolaíochta éagsúla taighde a úsáid sa phleanáil teanga ag brath ar spriocanna an taighde agus ar na hacmhainní atá ar fáil. Seo roinnt modheolaíochtaí a bhíonn úsáideach go minic:
Ceistneoirí
Is féidir ceistneoirí a úsáid leis an phobal ar fad, nó le grúpa laistigh den phobal, chun eolas cainníochtúil a bhailliú maidir le nósanna úsáide teanga agus mianta i leith na Gaeilge. Is féidir ceistneoirí áirithe a úsáid le spriocghrúpaí áirithe le ceisteanna ar leith a fhiosrú leo. Mar shampla:
-
- Ceistneoir ghinearálta don phobal ar fad
- Ceistneoir do thuismitheoirí
- Ceistneoirí don lucht gnó
- Ceistneoir do dhaoine óga
Ag brath ar an ceantar pleanála teanga, beidh grúpaí sainspéise eile gur fiú díriú isteach orthu.
Fócasghrúpaí
Tá fócasghrúpaí úsáideach chun tógáil ar fhreagraí a thagann ó cheistneoirí, is féidir eolas caillíochtúil a chur leis agus tuiscint níos doimhne a fháil ar na tuairimí, dearcthaí agus mianta atá ag an phobal. Is féidir iad a dhéanamh le cur chuige iontach foirmeálta nó measartha neamh-fhoirmeálta, ag brath ar cad atá oiriúnach don ghrúpa áirithe agus ar an chur chuige is oiriúnaí chun eolas a bhailiú.
Agallaimh
Is féidir agallaimh aonaracha a shocrú le daoine chun a dtuairimí a bhailliú agus chun plé domhain a dhéanamh ar cheisteanna ar leith a bhaineann leis an réimse sainspéise atá acu agus leis an phleanáil teanga. Cosúil le fócasghrúpaí, is féidir cur chuige foirmeálta nó neamh-fhoirmeálta a úsáid anseo, ag brath ar an chomhthéacs.
Cruinnithe Poiblí
Is féidir cruinnithe poiblí a úsáid chun eolas a roinnt leis an phobal agus chun tuairimí a bhailliú maidir le heolas atá curtha os a gcomhair. Tá an cur chuige seo úsáideach mar chuid de chomhairliúchán poiblí ar dhréacht-phlean teanga ach go háirithe.