Bunaíodh Muintir Chrónáin siar in 1972 agus tá an eagraíocht lárnach i bpobal bríomhar Gaeilge i gCluain Dolcáin agus sa cheantar máguaird thar na blianta.
Tá taithí agus cleachtadh na mblianta ag Muintir Chrónáin ar bhainistiú tionscadail a bhaineann le cur chun cinn na Gaeilge sa cheantar m.sh: Bunú Scoil Chrónáin (1975; i Ráth Cúil), Naíonra Chrónáin (1979), dhá bhunscoil Lán-Ghaeilge eile – Gaelscoil Chluain Dolcáin (1984) agus Gaelscoil na Camóige (1993), Coláiste dara leibhéal Lán Ghaeilge – Coláiste Chilliain (1981) agus dár ndóigh Áras Chrónáin Ionad Cultúir (1990). Chomh maith leis sin Bunaíodh Coiste Oideachais i 1990 chun Daonscoil an Árais a reáchtáil.
Sonraí Teagmhála:
Ainm: Brian Ó Gaibhín
Ríomhphost: eolas@araschronain.ie
Fón: +353 1 457 4847
- NameÁras Chrónáin
- Emaileolas@araschronain.ie
- Websitehttps://araschronain.ie/
- Currrent StatusCuireadh tús le cur i bhfeidhm an phlean teanga in 2022.