Cúlra den Phróisis

Cuireadh tús leis an Phróiseas Pleanála Teanga go hoifigiúil in Éirinn le teacht isteach Acht na Gaeltachta 2012. Leis seo, tugadh bunús reachtúil le bunú Líonraí Gaeilge, Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta.

Is féidir tuilleadh eolais a aimsiú faoi bhunú an phróisis pleanála teanga a aimsiú anseo:

Is féidir teacht ar thuilleadh eolais thíos ar na ceantair pleanála teanga seo a leanas:

  • Líonraí Gaeilge
  • Bailte Seirbhíse Gaeltachta
  • Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta

Líonraí Gaeilge

Is é is líonra Gaeilge ceantar ina bhfuil bunleibhéal riachtanach bainte amach acu maidir le tacaíocht phobail agus stáit don Ghaeilge. Tugtar aitheantas faoi Acht na Gaeltachta 2012 do líonraí Gaeilge nuair atá pleananna teanga aontaithe acu leis na pobail sna ceantair sin. Ní mór leis na pleananna seo na critéir pleanála teanga a chomhlíonadh le bheith faofa.

Faigh tuilleadh eolais maidir leis na Líonraí Gaeilge anseo.

Bailte Seirbhíse Gaeltachta

Is é is baile seirbhíse Gaeltachta baile ina bhfuil 1,000 duine ar a laghad, atá suite i limistéar pleanála teanga Gaeltachta nó cóngarach dó agus a bhfuil ról suntasach aige maidir le seirbhísí sóisialta, eacnamaíocha agus fóillíochta a sholáthar do dhaoine sa cheantar sin.

Faigh tuilleadh eolais maidir leis na Líonraí Gaeilge anseo.

Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta

Tá sé cinn is fiche de limistéir pleanála teanga Gaeltachta ainmnithe faoi Acht na Gaeltachta 2012. Tá an próiseas pleanála teanga ar siúl iontu le gur féidir leo a stádas mar cheantair Ghaeltachta a choinneáil.

Cuireann Údarás na Gaeltacht tacaíocht agus treoir ar fáil do na limistéir pleanála teanga Ghaeltachta. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ag www.udaras.ie.

Faigh tuilleadh eolais maidir le limistéar pleanála teanga Ghaeltachta anseo.

Cláraigh dár Nuachtlitir

chun coinneáil suas chun dáta leis an nuacht agus na himeachtaí is déanaí.

Cláraigh dár Nuachtlitir

chun coinneáil suas chun dáta leis an nuacht agus na himeachtaí is déanaí.
Newsletter Signup
Form Validation

Gaelphobal
Gaelphobal
Gaelphobal