Cad is líonra Gaeilge ann?
Is é atá i gceist le líonra Gaeilge ceantar a bhfuil mais chriticiúil bainte amach aige maidir le tacaíocht phobail agus stáit don teanga.
Tugtar aitheantas faoi Acht na Gaeltachta 2012 do líonra Gaeilge nuair atá pleananna teanga aontaithe acu lena bpobal.
Ní mór do na pleananna seo na critéir pleanála teanga a chomhlíonadh le bheith faofa.
Tá Foras na Gaeilge freagrach as tacú le heagraíochtaí maidir le hullmhúchán agus feidhmiú pleananna teanga sna líonraí Gaeilge.
Current Irish Language Networks
Seo thíos na líonraí Gaeilge reatha:






Gaeilge le Chéile
Tháinig na coistí stiúrtha do na líonraí Gaeilge le chéile ag tús an phróisis pleanála teanga in 2015 le comhchoiste a bhunú mar ghuth do na líonraí Gaeilge ar fad. Roghnaigh siad an t-ainm ‘Gaeilge le Chéile.’