Bíonn gach próiseas pleanála teanga éagsúil, ag bráth ar riachtanais agus ar mhianta na bpobal agus beidh tionchar ag staid reatha na Gaeilge sa cheantar freisin ar an bplean teanga. An aidhm is mó a bhaineann le scríóbh an phlean teanga ná plean a ullmhú a bheidh in ann riachtanais an cheantair áirithe sin a chomhlíonadh.

 

Seo a leanas na céimeanna a leantar chun plean teanga a scríobh: 

Céim 1: Comhaontaigh aidhmeanna an phróisis pleanála teanga

Ar dtús, aontóidh an coiste stiúrtha pleanála teanga agus an cheanneagraíocht aidhmeanna agus cuspóirí an phlean teanga. Ba chóir go mbeadh na cuspóirí seo bunaithe ar riachtanais an phobail agus ar láidreachtaí agus laigí an cheantair sin ó thaobh na Gaeilge de.

Céim 2: Déan taighde chun an staid reatha a thuiscint

Tá taighde ag croílár gach plean teanga mar is é ar thorthaí an taighde a bhunófar na bearta a leagfar amach sa phlean. Bainfear úsáid as an bhfianaise a bhaileofar le linn an phróisis pleanála le slat tomhais a fhorbairt le dul chun cinn a thomhas amach anseo.

Féadfaidh an coiste taighdeoir nó sainchomhairleoir a cheapadh ag an gcéim seo le tabhairt faoin obair seo, bíodh sin le cuidiú leis an gcoiste an taighde a dhéanamh don phlean teanga, nó leis an bplean teanga a scríobh bunaithe ar thorthaí an taighde.

Seo thíos na cineálacha taighde a mholtar mar chuid den chéim seo:

Taighde tánaisteach: córas faisnéise geografaí, staitisticí daonáireamh, tuairiscí taighde eile

Suirbhéanna: suirbhé comónta don phobal, suirbhéanna dírithe ar chodanna faoi leith den phobal

Fócasghrúpaí: Sainghrúpaí nó cruinnithe poiblí

Céim 3: Anailís ar an taighde agus dearadh na mbeart

Déanfar anailís ar na torthaí taighde agus ansin aistreofar seo go mbearta sa phlean teanga. Is féidir é seo a dhéanamh trí thuairiscí anailíse a chur ar fáil, trí cheardlanna coiste a éascú le plé a dhéanamh ar na torthaí taighde agus trí tharraingt ar shamplaí dea-chleachtas atá in áiteanna eile le taighde comhchosúil agus na bearta a chur in oiriúint don cheantar seo.

Céim 4: An plean teanga a scríobh

A luaithe is atá céim an taighde curtha i gcrích is féidir an plean teanga féin a dhréachtú. Tá teimpléad ar fáil leis na bearta a leagan amach agus an t-eolas ábhartha eile a théann leis. Cuirfear cúlra an phróisis pleanála teanga, na torthaí taighde agus na costais a mheastar san áireamh mar chuid den phlean.

Céim 5: Comhairliúchán poiblí

Tá rannpháirteachas an phobail an-tábhachtach ag gach céim agus tabharfaidh comhairliúchán poiblí deis don phobal a dtuairimí a léiriú ar an bplean teanga sula gcuirfear i gcrích é.

Céim 6: An plean teanga a sheoladh ar aghaidh le faomhadh

Tar éis aon mholtaí ón gcomhairliúchán poiblí a chur san áireamh sa leagan deiridh den phlean teanga, seolfar é chuig an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán nó chuig Foras na Gaeilge le fanacht ar cheadú.

 

Is féidir teacht ar acmhainní, teimpléid agus comhairle eile maidir le scríobh plean teanga sa rannóg Acmhainní ar an suíomh seo. 

Cláraigh dár Nuachtlitir

chun coinneáil suas chun dáta leis an nuacht agus na himeachtaí is déanaí.
Newsletter Signup
Form Validation

Gaelphobal
Gaelphobal
Gaelphobal