Tá critéir pleanála teanga leagtha amach ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán faoi hAcht na Gaeltachta 2012. Tá critéir leagtha amach do bhailte seirbhíse Gaeltachta, do líonraí Gaeilge agus do limistéir pleanála teanga Ghaeltachta.

Bailte Seirbhíse Gaeltachta

  1. Eagraíocht, arna roghnú ag Údarás na Gaeltachta nó ag Foras na Gaeilge, de réir mar a bheidh, faoi fho-alt (5), (6), (10)(a) nó (13)(a), de réir mar is cuí, d’alt 9 d’Acht 2012, a bheith ann chun an plean teanga a ullmhú agus a chur i ngníomh sa bhaile iomchuí.
  2. An cion den daonra arb í an Ghaeilge an teanga labhartha atá acu sa bhaile iomchuí, ag féachaint do thionchar tosca déimeagrafacha, eacnamaíocha agus sóisialta ar an mbaile iomchuí.
  3. Na socruithe a shonraítear maidir le seirbhísí trí mheán na Gaeilge a sholáthar sa bhaile iomchuí.
  4. Forálacha Acht 1998 (an Acht Oideachais 1998) a bheith á n-úsáid, de réir mar is cuí, chun tacú leis an nGaeilge sa bhaile iomchuí, ag féachaint go háirithe do mhíreanna (i) agus (j) d’alt 6 den Acht sin.
  5. Oideachas bunscoile agus iar-bhunscoile trí mheán na Gaeilge a bheith ar fáil sa bhaile iomchuí, de réir bheartas na Roinne Oideachais agus Scileanna, lena n-áirítear sruthanna a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge i scoileanna Béarla agus roinnt ábhar a bheith á múineadh trí Ghaeilge i scoileanna Béarla, de réir mar is cuí.
  6. Beartais teanga chuí a bheith ann laistigh den timpeallacht scoile a thacaíonn le húsáid na Gaeilge mar theanga labhartha lasmuigh den chóras oideachais sa bhaile iomchuí.
  7. Seirbhísí cuí cúraim leanaí, réamhscolaíochta agus tacaíochta teaghlaigh, lena n-áirítear seirbhísí tacaíochta teanga, a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge sa bhaile iomchuí.
  8. Gníomhaíochtaí sóisialta cuí trí mheán na Gaeilge do dhaoine óga agus d’aoisghrúpaí eile a bheith ar fáil agus beartais teanga chuí a bheith ann i dtaca leis na gníomhaíochtaí sin sa bhaile iomchuí.
  9. Deiseanna cuí a bheith ar fáil sa bhaile iomchuí chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid lasmuigh den chóras oideachais.
  10. A mhéid a úsáidtear an Ghaeilge i gcúrsaí sóisialta agus áineasa sa bhaile iomchuí.
  11. A mhéid a úsáidtear an Ghaeilge san earnáil gnó sa bhaile iomchuí.
  12. A mhéid a úsáideann na meáin chumarsáide áitiúla an Ghaeilge sa bhaile iomchuí.
  13. Forálacha iomchuí na nAchtanna um Pleanáil agus Forbairt, 2000 go 2013, a bheith á n-úsáid chun tacú leis an nGaeilge sa bhaile iomchuí.
  14. Seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a bheith ar fáil sa bhaile iomchuí.
  15. A mhéid a thacaíonn an pobal i gcoitinne sa bhaile iomchuí leis an bplean teanga.

 

Líonraí Gaeilge

  1. Eagraíocht, a measann Foras na Gaeilge í a bheith ionadaitheach don phobal faoi alt 11(3) d’Acht 2012, a bheith ann chun an plean teanga a ullmhú agus a chur i ngníomh sa phobal iomchuí.
  2. An cion den daonra arb í an Ghaeilge an teanga labhartha atá acu sa phobal iomchuí, ag féachaint do thionchar tosca déimeagrafacha, eacnamaíocha agus sóisialta ar an bpobal iomchuí.
  3. Na socruithe a shonraítear maidir le seirbhísí trí mheán na Gaeilge a sholáthar sa phobal iomchuí.
  4. Forálacha Acht 1998 a bheith á n-úsáid, de réir mar is cuí, chun tacú leis an nGaeilge sa phobal iomchuí, ag féachaint go háirithe do mhíreanna (i) agus (j) d’alt 6 den Acht sin.
  5. Oideachas bunscoile agus iar-bhunscoile trí mheán na Gaeilge a bheith ar fáil sa phobal iomchuí, de réir bheartas na Roinne Oideachais agus Scileanna, lena n-áirítear sruthanna a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge i scoileanna Béarla agus roinnt ábhar a bheith á múineadh trí Ghaeilge i scoileanna Béarla, de réir mar is cuí.
  6. Beartais teanga chuí a bheith ann laistigh den timpeallacht scoile a thacaíonn le húsáid na Gaeilge mar theanga labhartha lasmuigh den chóras oideachais sa phobal iomchuí.
  7. Seirbhísí cuí cúraim leanaí, réamhscolaíochta agus tacaíochta teaghlaigh, lena n-áirítear seirbhísí tacaíochta teanga, a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge sa phobal iomchuí.
  8. Gníomhaíochtaí sóisialta cuí trí mheán na Gaeilge do dhaoine óga agus d’aoisghrúpaí eile a bheith ar fáil agus beartais teanga chuí a bheith ann i dtaca leis na gníomhaíochtaí sin sa phobal iomchuí.
  9. Deiseanna cuí a bheith ar fáil sa phobal iomchuí chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid lasmuigh den chóras oideachais.
  10. A mhéid a úsáidtear an Ghaeilge i gcúrsaí sóisialta agus áineasa sa phobal iomchuí.
  11. A mhéid a úsáidtear an Ghaeilge san earnáil gnó sa phobal iomchuí.
  12. A mhéid a úsáideann na meáin chumarsáide áitiúla an Ghaeilge sa phobal iomchuí.
  13. Forálacha iomchuí na nAchtanna um Pleanáil agus Forbairt, 2000 go 2013 a bheith á n-úsáid chun tacú leis an nGaeilge sa phobal iomchuí.
  14. Seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a bheith ar fáil sa phobal iomchuí.
  15. A mhéid a thacaíonn an pobal i gcoitinne sa phobal iomchuí leis an bplean teanga.

 

Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta

  1. Eagraíocht, arna roghnú ag Údarás na Gaeltachta faoi fho-alt (6), (10)(a) nó (13)(a), de réir mar is cuí, d’alt 7 d’Acht 2012, a bheith ann chun an plean teanga a ullmhú agus a chur i ngníomh sa limistéar iomchuí.
  2. An cion den daonra arb í an Ghaeilge an teanga labhartha atá acu sa limistéar iomchuí, ag féachaint do thionchar tosca déimeagrafacha, eacnamaíocha agus sóisialta ar an limistéar iomchuí.
  3. Na socruithe a shonraítear maidir le seirbhísí trí mheán na Gaeilge a sholáthar sa limistéar iomchuí.
  4. Forálacha Acht 1998 a bheith á n-úsáid, de réir mar is cuí, chun tacú leis an nGaeilge sa limistéar iomchuí, ag féachaint go háirithe do mhíreanna (i) agus (j) d’alt 6 den Acht sin.
  5. Oideachas bunscoile agus iar-bhunscoile trí mheán na Gaeilge a bheith ar fáil sa limistéar iomchuí, de réir bheartas na Roinne Oideachais agus Scileanna, lena n-áirítear sruthanna a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge i scoileanna Béarla agus roinnt ábhar a bheith á múineadh trí Ghaeilge i scoileanna Béarla, de réir mar is cuí.
  6. Beartais teanga chuí a bheith ann laistigh den timpeallacht scoile a thacaíonn le húsáid na Gaeilge mar theanga labhartha lasmuigh den chóras oideachais sa limistéar iomchuí.
  7. Seirbhísí cuí cúraim leanaí, réamhscolaíochta agus tacaíochta teaghlaigh, lena n-áirítear seirbhísí tacaíochta teanga, a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge sa limistéar iomchuí.
  8. Socruithe cuí a bheith ann sa limistéar iomchuí chun tacú le húsáid na Gaeilge ag leanaí ó theaghlaigh nach í an Ghaeilge an teanga labhartha atá sa bhaile acu.
  9. Socruithe cuí a bheith ann sa limistéar iomchuí chun tacú le foghlaim na Gaeilge ag leanaí réamhscoile, d’fhonn tacú le rollú i mbunscoileanna Gaeilge.
  10. Gníomhaíochtaí sóisialta cuí trí mheán na Gaeilge do dhaoine óga agus d’aoisghrúpaí eile a bheith ar fáil agus beartais teanga chuí a bheith ann i dtaca leis na gníomhaíochtaí sin sa limistéar iomchuí.
  11. Deiseanna cuí a bheith ar fáil sa limistéar iomchuí chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid lasmuigh den chóras oideachais.
  12. A mhéid a úsáidtear an Ghaeilge i gcúrsaí sóisialta agus áineasa sa limistéar iomchuí.
  13. Cuideachtaí agus gnólachtaí a bheith ann a sholáthraíonn seirbhísí trí mheán na Gaeilge don phobal sa limistéar iomchuí.
  14. Beartais fostaíochta agus earcaíochta a bheith ann atá á gcur i ngníomh ag cuideachtaí agus gnólachtaí sa limistéar iomchuí ar mhodh a chinntíonn go bhfuil ar a gcumas seirbhísí trí mheán na Gaeilge a sholáthar.
  15. A mhéid a úsáideann eagraíochtaí pobail agus comharchumainn an Ghaeilge sa limistéar iomchuí.
  16. A mhéid a úsáideann na meáin chumarsáide áitiúla an Ghaeilge sa limistéar iomchuí.
  17. Forálacha iomchuí na nAchtanna um Pleanáil agus Forbairt, 2000 go 2013 a bheith á n-úsáid chun tacú leis an nGaeilge sa limistéar iomchuí.
  18. Seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a bheith ar fáil sa limistéar iomchuí.
  19. A mhéid a thacaíonn an pobal i gcoitinne sa limistéar iomchuí leis an bplean teanga.

Cláraigh dár Nuachtlitir

chun coinneáil suas chun dáta leis an nuacht agus na himeachtaí is déanaí.
Newsletter Signup
Form Validation

Gaelphobal
Gaelphobal
Gaelphobal