Comhthéacs an Phróisis Pleanála Teanga

Le hAcht na Gaeltachta 2012 cuireadh dúshraith reachtúil faoin bpróiseas pleanála teanga agus is é an bonn ar a ndéantar an obair inniu. Tá forálacha in Acht na Gaeltachta le haghaidh pleananna teanga a ullmhú ag leibhéal pobail i gceantair a n-aithnítear san Acht go bhféadfadh siad a bheith ina limistéir pleanála teanga Ghaeltachta, bailte seirbhíse Gaeltachta nó líonraí Gaeilge.

Agus plean teanga dréachta ag pobal dá cheantar, ní mór an plean seo a bheith ceadaithe ag an aire le stádas oifigiúil a bhaint amach agus le tús a chur le cur i bhfeidhm a bplean teanga.

Faigh tuilleadh eolais ar na céimeanna atá i gceist le plean teanga a ullmhú anseo.

 

Líonraí Gaeilge

Is é is líonra Gaeilge ceantar ina bhfuil bunleibhéal riachtanach bainte amach acu maidir le tacaíocht phobail agus stáit don Ghaeilge. Tugtar aitheantas faoi Acht na Gaeltachta 2012 do líonraí Gaeilge nuair atá pleananna teanga aontaithe acu leis na pobail sna ceantair sin. Ní mór leis na pleananna seo na critéir pleanála teanga a chomhlíonadh le bheith faofa.

Faigh tuilleadh eolais maidir leis na Líonraí Gaeilge anseo.

 

Bailte Seirbhíse Gaeltachta 

Is é is baile seirbhíse Gaeltachta baile ina bhfuil 1,000 duine ar a laghad, atá suite i limistéar pleanála teanga Gaeltachta nó cóngarach dó agus a bhfuil ról suntasach aige maidir le seirbhísí sóisialta, eacnamaíocha agus fóillíochta a sholáthar do dhaoine sa cheantar sin.

Faigh tuilleadh eolais maidir leis na Líonraí Gaeilge anseo.

 

An Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge

Tugann an Scéim Pobal Gaeilge maoiniú do phobail oifigeach forbartha Gaeilge a fhostú don cheantar leis an nGaeilge a chur chun cinn ann leis an sprioc acu bheith páirteach i bpróiseas pleanála teanga amach anseo agus aitheantas a bhaint amach mar líonra Gaeilge sa todhchaí.

Faigh tuilleadh eolais maidir leis an Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge anseo.

 

Limistéar pleanála teanga Ghaeltachta

Tá sé cinn is fiche de limistéir pleanála teanga Gaeltachta ainmnithe faoi Acht na Gaeltachta 2012. Tá an próiseas pleanála teanga ar siúl iontu le gur féidir leo a stádas mar cheantair Ghaeltachta a choinneáil.

Cuireann Údarás na Gaeltacht tacaíocht agus treoir ar fáil do na limistéir pleanála teanga Ghaeltachta. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ag www.udaras.ie.

Faigh tuilleadh eolais maidir le limistéar pleanála teanga Ghaeltachta anseo.

Cláraigh dár Nuachtlitir

chun coinneáil suas chun dáta leis an nuacht agus na himeachtaí is déanaí.
Newsletter Signup
Form Validation

Gaelphobal
Gaelphobal
Gaelphobal