Agus é ar cuairt inniu ar cheantar Iorrais i nGaeltacht Mhaigh Eo, d’fhógair Jack Chambers TD, Aire Stáit na Gaeltachta agus an Spóirt, gur cheadaigh sé Plean Teanga do Bhaile Seirbhíse Gaeltachta Chaisleán an Bharraigh. Is éard atá i gceist le Baile Seirbhíse Gaeltachta ná baile a chuireann seirbhísí poiblí agus sóisialta ar fáil do phobal Gaeltachta. Baintear stádas mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta amach nuair a cheadaítear plean teanga a d’ullmhaigh pobal an bhaile faoi Acht na Gaeltachta, 2012.
Is é Gnó Mhaigh Eo a chuir an plean teanga i dtoll a chéile chun an próiseas pleanála teanga a chur ar bun i gCaisleán an Bharraigh. Fostófar Oifigeach Pleanála Teanga, chun an plean a chur i bhfeidhm faoi stiúir na heagraíochta agus le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge.
Is é seo an seachtú Baile Seirbhíse Gaeltachta a aithníodh go dtí seo faoin bpróiseas pleanála teanga. Cuireann Foras na Gaeilge tacaíocht leanúnach ar fáil do na Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus na Líonraí Gaeilge seo le pleananna teanga a ullmhú agus a chur i bhfeidhm.
Agus plean teanga Chaisleán an Bharraigh á cheadú aige dúirt an tAire Stáit Chambers:
“Ba mhaith liom tréaslú le Gnó Mhaigh Eo – Ceanneagraíocht an Bhaile Seirbhíse Gaeltachta – agus le gach duine a bhí bainteach leis an bplean teanga a chur le chéile don bhaile. Ach an oiread leis na pleananna eile ar fad atá á bhfeidhmiú cheana féin, tabharfar deiseanna faoi phlean teanga Chaisleán an Bharraigh do phobal an bhaile a bheith lárnach san iarracht bhreise is gá a dhéanamh chun go rachaidh an Ghaeilge ar aghaidh go slán chuig na glúnta atá le teacht. Tacóidh an maoiniú suntasach a d’fhógair mé inniu le cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga i gCaisleán an Bharraigh agus ar fud na tíre, ar mhaithe leis an nGaeilge a láidriú.”
D’fhógair sé chomh maith gur cheadaigh sé deontas suas le €75,000 chun tacú le Coláiste Uisce atá lonnaithe san Eachléim chun clár oibre comhaontaithe leis an Roinn a fheidhmiú i ndáil le cur chun cinn na Gaeilge sa cheantar i measc an aosa óig ach go háirithe.