Fáilte

An tOllamh Regina Uí Chollatáin

Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge

Is í Regina Uí Chollatáin Príomhoide agus Déan Choláiste na nEalaíon agus na nDaonnachtaí. Is í an tOllamh Sinsearach le Nua-Ghaeilge agus is í an Stiúrthóir ar an tSraith Acadúil d’Acadamh Ad Astra Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. Ba í Ceann Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis agus Teanga OCBÁC (2008-2019). Is ball í de Ghrúpa Stiúrtha an Ionaid Náisiúnta Bairr Feabhais mar chhuid de thogra an rialtais d’Ardscileanna Teanga. Ceapadh í ina Cathaoirleach ar Fhoras na Gaeilge in 2021. Ba bhall í de Chomhairle Náisiúnta Bhéaloideas Éireann agus de Bhord Acadúil Comhairleach Mhúsaem Litríochta na hÉireann. Ó 2008 is ball bunaithe í agus ba í an Cathaoirleach í ar Fhóram Nuachtáin agus Thréimhseacháin na hÉireann idir 2016 agus 2019 agus ba bhall í de chéad Bhord Stáit TG4 (2007-2012).
Is iad athbheochan, iriseoireacht, meáin na hÉireann agus an cultúr cló na príomhréimsí taighde Regina le foilseacháin náisiúnta agus idirnáisiúnta. Is é a taighde reatha ná Mná agus Traidisiún Acadúil na Gaeilge agus monograf dar teideal ‘Athbheochan pobail agus teanga: Na Meáin Ghaeilge’. Tá BOid aici ó Choláiste Bhantiarna na Trócaire mar aon le MA (Taighde) agus PhD ó Ollscoil Mhá Nuad (2007-2012).

 


Eochairchainteoir: Lá 1

An tOllamh Emeritus Dónall P. Ó Baoill

Ollscoil na Banríona Béal Feirste

Is cainteoir dúchais Gaeilge as Dún na nGall é Dónall P. Ó Baoill. Bhain sé céim BA onóracha amach sa Ghaeilge agus sa Mhatamaitic agus Ardteastas san Oideachas in Ollscoil na Gaillimhe. Rinne sé staidéar ar theangeolaíocht ag Ollscoil Michigan, Ann Arbor, mar ar bronnadh MA agus PhD. Bhí sé mar thaighdeoir in Institiúid Teangeolaíochta Éireann ó 1974–1999 agus ceapadh mar Ollamh le Gaeilge é agus mar Cheann ar Roinn an Léinn Cheiltigh in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste 1999–2011. Tá mórán leabhar agus alt scríofa aige i réimsí éagsúla ag clúdach ábhair amhail teagasc agus foghlaim na Gaeilge, cuir síos ar chanúintí den Nua-Ghaeilge, fóineolaíocht, pleanáil teanga agus caighdeánú, an dátheangachas, teagmháil teanga, Gaeilge-Béarla, Teanga Chomharthaíochta na mBodhar in Éirinn, Caintis an Lucht Siúil, tíopeolaíocht theangeolaíoch i dteangacha na hEorpa, béaloideas na hÉireann agus ar thopaicí éagsúla i réimse na teangeolaíochta teoiriciúil agus feidhmí. Tá eagarthóireacht déanta aige ar fhoilseacháin éagsúla, Teanga, The Journal of Celtic Linguistics, Scáthlán agus Language and Politics

 


Painéal 1: Teicneolaíocht agus Gnó

Cathaoirleach: Rónán Mac Con Iomaire

Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail & Pleanála Teanga, Údarás na Gaeltachta

Is é Rónán Mac Con Iomaire Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail & Teanga Údarás na Gaeltachta, freagrach as pleanáil teanga, forbairt pobail agus mionfhiontraíocht, i measc réimsí eile. Roimhe seo, bhí sé ina Ghrúpcheannasaí Gaeilge ar RTÉ agus LeasCheannaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Tá cúlra aige sna meáin agus i bhfiontraíocht. Tá a thríú leabhar, ar Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, dhá fhoilsiú roimh dheireadh na bliana.

An Dr Jeremy Evas

Rialtas na Breataine Bige

is é an Dr Jeremy Evas Ceann Thionscadal 2050 ag Rialtas na Breataine Bige. Roimhe sin, ba é Ceann Chur Chun Cinn na Breatnaise agus Athrú Iompraíochta ag Rialtas na Breataine Bige agus ina léachtóir i mbeartas agus pleanáil teanga i Scoil na Breatnaise, Ollscoil Caerdydd. Ba é an Stiúrthóir Straitéise freisin ag Coimisinéir na Breatnaise, agus Stiúrthóir Beartais agus ar Pleanála Corpais ag iar-Bhord na Breatnaise freisin. Is é a phríomhspéis ná spreagthaí iompraíochta a aimsiú agus a ghníomhachtú chun úsáid na Breatnaise a mhéadú. Tá tráchtais dochtúireachta maoirsithe aige ar uathoibriú aistriúcháin, agus ar shíceolaíocht iompraíochta mar a chuirtear i bhfeidhm ar idirghníomhaíocht dhaonna ríomhaire i measc daoine dátheangacha, agus ar ailtireacht roghanna seirbhísí/oideachas Breatnaise freisin. Tá taighde foilsithe aige freisin ar na tosca a théann i bhfeidhm ar tharchur na Breatnaise ó ghlúin go glúin. Ag Rialtas na Breataine Bige, tá sé freagrach as cláir chun úsáid neamhfhoirmiúil na Breatnaise a mhéadú i leanaí ar aois scoile, tarchur agus úsáid na Breatnaise i dteaghlaigh, teicneolaíocht na Breatnaise, an Bhreatnais san earnáil phríobháideach agus gnéithe den Bhreatnais mar theanga de chuid na Breataine Bige. oibre. Cuireann sé an clár ceannaireachta Leading in a Bilingual Country i bhfeidhm le Academi Wales agus déanann sé éascú ar Scoileanna Samhraidh agus Geimhridh Academi Wales. Lasmuigh den obair bíonn sé ar a rothar de ghnáth. Tá sé ina chomhalta den Acadamh Ardoideachais, ina Bhall de Chumann Aistritheoirí agus Ateangairí na Breatnaise, ina Theangeolaí Cairte, agus ina Chomhalta d’Institiúid Cairte na dTeangeolaithe.

Diarmuid Ó Mathúna

Úinéir, POTA Café

As Corcaigh ó dhúchas do Dhiarmuid ach tá sé ag cur faoi anois i gConamara áit a bhfuil POTA Café á rith aige le 3 bliana anuas. Tar éis dó céim sa Chumarsáid a bhaint amach ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge thosaigh sé ag obair i gcúrsaí teilifíse, raidió agus margaíochta sular iompaigh sé ar an gcócaireacht ghairmiúil. Cuireadh oiliúint fhoirmiúil air i scoil chlúiteach chócaireachta, Ballymaloe, agus tá sé ag treabhadh an ghoirt san earnáil sin ó shin. Ó d’oscail POTA in 2021 tá sé roghnaithe ag dhá eagraíocht éagsúla mar an chaifé is fearr ar oileán na hÉireann agus tá iliomad gradaim eile bronnta orthu freisin.

Suíomh | Instagram | X

 

Eoin Ó Droighneáin

Príomhoifigeach, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Is as an Spidéal i gceantar Gaeltachta na Gaillimhe d’Eoin Ó Droighneáin agus tá sé ag obair i Rannán na Gaeltachta sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ó 2022 i leith agus é freagrach as Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge, an Brainse Logainmneacha agus Straitéisí Náisiúnta Teanga. Tá cur chun feidhme an Phlean Dhigitigh don Ghaeilge agus na Straitéise do na hEalaíona Teangabhunaithe Gaeilge ar chuid de na gníomhaíochtaí atá faoina chúram. Roimhe seo, chaith Eoin os cionn 20 bliain in Ollscoil na Gaillimhe agus é i gceannas ar an Aonad Aistriúcháin agus Ateangaireachta ansin.

 


Painéal 2: Foghlaimeoirí Fásta agus Nuachainteoirí

Cathaoirleach: An Dr Deirdre Ní Loingsigh

Stiúrthóir na Gaeilge, Aonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh

Tá baint ag Deirdre le nuálaíochtaí agus le tionscadail a bhaineann le cur chun cinn na Gaeilge agus leis an tacaíocht teanga d’fhoghlaimeoirí fásta. Is minic a tharraingíonn sí ar a cúlra sa chorpoideachas, san aosoideachas, agus sa taighde rannpháirtíoch san obair seo. Múineann sí ar an gclár Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach agus ar an Máistir Gairmiúil san Oideachas (Teangacha). D’fhorbair sí clár Micridhintiúir nua ‘An Chóitseáil Teanga san Ionad Oibre’ anuraidh. Is meantóir Knowledge for Change (K4C) í le Comhpháirteachas Ollscoil Luimnigh. Tá ceathrar mac léinn dochtúireachta atá ag obair i ngort na síceolaíochta um fhoghlaim teangacha faoina cúram faoi láthair.

An tOllamh Maite Puigdevall Serralvo

Roinn Ealaíon agus Daonnachtaí, Universitat Oberta de Catalunya, Barcelona

Chéimigh an Dr Maite Puigdevall Serralvo (Banyoles, An Chatalóin, 1972) san Fhealsúnacht agus Litreacha (roinn d’Fhocleolaíochta na Catalóinise) in Ollscoil Girona (UdG), an Chatalóin in 1995. Fuair sí Máistreacht i Léann Eitneolaíochta na Breatnaise in Ollscoil Caerdydd (An Bhreatain Bheag) in 1997 agus céim Dhochtúireachta le Fealsúnacht freisin in Ollscoil Caerdydd (2006).

Ó Eanáir 2008 i leith tá sí ina hollamh comhlach le Teanga agus Litríocht na Catalóinise sa Roinn Ealaíon agus Daonnachtaí ag an Universitat Oberta de Catalunya (Ollscoil Oscailte na Catalóine) in Barcelona.

Ba é normalú na Catalóinise príomhréimse a spéise gairmiúil agus acadúil i gcónaí. Tá taighde agus teagasc á nascadh aici le teagmháil leanúnach le páirtithe leasmhara éagsúla i bpleanáil agus i mbeartas teanga sa Chatalóin ag leibhéal an phobail agus an rialtais, agus le haistriú eolais sochtheangeolaíochta chuig na grúpaí seo. Díríonn príomhábhar a cuid taighde ar chur chun cinn na tuisceana ar an ábhar “nuachainteoir” teangacha mionlaigh, go háirithe i gcomhthéacs na Catalóinise ina bhfuil sí ag déanamh taighde ar an ábhar seo le breis agus 10 mbliana.

An Dr Cóilín Ó Floinn

Ollamh Cúnta Teangeolaíocht Fheidhmeach, Lárionad Léann Teanga agus Cumarsáide, Coláiste na Tríonóide
Tá an Dr Cóilín Ó Floinn ina ollamh cúnta le Teangeolaíocht Fheidhmeach sa Lárionad Léann Teanga agus Cumarsáide i gColáiste na Tríonóide. Baineann a chuid taighde leis an dátheangachas agus le foghlaimeoirí fásta teanga. I measc a chuid foilseachán, tá dhá leabhar leis: Foghlaim an Dara Teanga: Modhanna agus Tascanna sa Seomra Ranga (CIC, 2021) agus Adult Minority Language Learning: Motivation, Identity and Target Variety (Multilingual-Matters, 2020).

Suíomh

 

Connlaith Ní Raifeartaigh

Bainisteoir Céad Míle Fáilte, Conradh na Gaeilge

Is Gael ó Bhéal Feirste í Connlaith, le níos mó ná 10 mbliana de thaithí aici i rólanna éagsúla dírithe ar fhorbairt pobail, san earnáil Gaeilge agus Béarla araon. Tá cúlra aici i bhforbairt óige Ghaeilge, ag obair le Fóram na nÓg chun an soláthar óige trí mheán na Gaeilge a mhéadú i dtuaisceart na hÉireann. Chaith sí seal san Astráil, áit ar thóg sí a taithí ag obair go dlúth le pobail mhionlaigh agus ag cur chun cinn na hionchuimsitheachta agus an fhrithchiníochais, go háirithe i measc na bpobal bundúchasacha. Anois agus í ag bainistiú scéim úr de chuid Chonradh na Gaeilge, Céad Míle Fáilte, bíonn sí ag spreagadh pobail nua na hÉireann idirghníomhú leis an nGaeilge agus le cultúr na hÉireann.

Suíomh | X | Facebook | Instagram


 

Painéal 3: Feidhmíocht na Pleanála Teanga, Monatóireacht, Feasacht agus Taighde

Cathaoirleach: Ciarán Mac Giolla Bhéin

Comhordaitheoir Pleanála Teanga, Fís an Phobail
Cathaoirleach ar an Mheitheal Náisiúnta Pleanála Teanga

Rugadh agus tógadh Ciarán i mBéal Feirste, áit a bhfuair sé oideachas trí mheán na Gaeilge, ar dtús i mBunscoil Phobal Feirste agus ar Mheánscoil Feirste (Coláiste Feirste) ina dhiaidh sin. Chaith Ciarán seal ag teagasc i nGaelscoileanna Bhéal Feirste agus ag obair le grúpaí teanga éagsúla sa chathair. Chaith sé 5 bhliana ag obair mar Bhainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge nuair a d’oscail siad oifig i mBéal Feirste agus is urlabhraí agus ball gníomhach don Dream Dearg go fóill é. Le déanaí ceapadh Ciarán mar Chomh-ordaitheoir Pleanála Teanga le Fís an Phobail, in Iarthar Bhéal Feirste. Ar bhonn pearsanta, bhí baint ag Ciarán le bunú roinnt tionscadail teanga ó thuaidh, ina measc Fóram na nÓg, Glór na Móna agus Laochra Loch Lao CLG. Is cathaoirleach é ar Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh chomh maith.

Facebook | Instagram | X

 

An Dr Imanol larrea-Mendizabal

Soziolinguistika Klusterra

Is é Imanol Larrea-Mendizabal stiúrthóir Soziolinguistika Klusterra, ionad taighde Thír na mBascach maidir leis an tsochtheangeolaíocht d’athbheochan na Bascaise. Tá céim aige sa tSocheolaíocht agus PhD sa Chumarsáid, agus tá sé tar éis a bheith ag obair i réimse na hinimirce agus teangacha mionaigh, tuairimí teanga, sochtheangeolaíocht na Catalóinise, cur chun cinn na Bascaise sa saol socheacnamaíoch agus bainistiú taighde, forbartha agus nuálaíochta.

Suíomh | FacebookX

 

Joe Ó Dochartaigh

Oifigeach Pleanála Teanga, Coiste Forbartha Charn Tóchair

Is as Carn Tóchair, deisceart Chontae Dhoire, do Joe Ó Dochartaigh, agus tá sé ag obair in earnáil na Gaeilge le 14 bliana anuas tar éis blianta a chaitheamh mar leictreoir. Chaith sé breis agus 10 mbliana acu sin mar oifigeach óige i gCarn Tóchair, ag díriú ar dhaingniú agus forbairt an chomhphobail. Tá Joe anois fostaithe ag Coiste Forbartha Charn Tóchair mar Oifigeach Pleanála Teanga le Líonra Charn Tóchair.

Suíomh | Facebook | Instagram | X

 

Aoife Ní Chonghaile

Oifigeach Pleanála Teanga, Bearna agus Cnoc na Cathrach
Tógadh i gceantar Gaeltachta í i gConamara, agus bhí barúil aici ó bhí sí ina déagóir go raibh sí ag iarraidh a bheith ag obair leis an nGaeilge agus le caomhnú na Gaeilge. Tar éis di céim a bhaint amach sna Dána (Gaeilge agus Léann an Aistriúcháin), fuair sí scoláireacht in Údarás na Gaeltachta sa rannóg pleanála teanga. Chaith sí dhá bhliain go leith ag obair ansin agus ag baint amach MA sa bPleanáil Teanga ag an am céanna. Fuair sí post ansin mar Oifigeach Pleanála Teanga i Líonra Gaeilge Bhaile Locha Riach, áit a raibh sí ar feadh os cionn bliana. I mí Aibreán 2023, fuair sí post mar Oifigeach Pleanála Teanga i limistéar pleanála teanga Bhearna agus Chnoc na Cathrach, agus is ansin atá sí ó shin.

SuíomhFacebook | Instagram | X

 


Painéal 4: Ról an Stáit agus Seirbhísí Poiblí

Cathaoirleach: An Dr Fionnbarra Ó Brolcháin

Iarollamh, Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus Ollscoil Mhá Nuad

Iarollamh le hAirgeadas in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, áit a raibh sé ina stiúrthóir bunaidh ar an Ionad Gaeilge, Fiontar. Bhí sé ina ollamh cuartaíochta ag Ollscoil Michigan i Meiriceá, Ollscoil Aalto sa Fhionlainn agus roinnt maith eile. Tá roinnt leabhar scríofa nó comhscríofa aige, lena n-áirítear Meon Gaelach, Aigne Nuálaíoch agus Capitalising on Culture, Competing on Difference. Tá céim san Innealtóireacht Leictreach aige ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, agus tá PhD san airgeadas idirnáisiúnta aige ó Scoil Ghnó Stern, Ollscoil Nua-Eabhrach (NYU).

Suíomh | X | LinkedIn 

 

Sadhbh Ó Cinnseala

Príomhoifigeach, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Is í ceannasaí ar Aonad na dTeangacha Oifigiúla san Earnáil Phoiblí agus tá freagracht shonrach aici ansin as cur i bhfeidhm agus neadú isteach iomlán Achtanna na dTeangacha Oifigiúla 2003-2021 a chinntiú ar fud an státchórais.

Is de bhunadh Bhaile Átha Cliath iad muintir Shaidhbh ach, le tiomantas ar leith don Ghaeilge, rinne siad an t-aistear siar go Gaeltacht Chonamara i nGaillimh nuair a bhí Sadhbh ina páiste óg. Ó shin i leith, tá saol Shaidhbh tugtha don Ghaeilge idir scolaíocht lán-Ghaeilge, ag baint amach MA san Ateangaireacht Chomhdhála le Gaeilge agus ag caitheamh seal in Údarás na Gaeltachta ag plé le cúrsaí TCF trí Ghaeilge. Thosaigh sí leis an Roinn in 2016 ansin mar oifigeach feidhmiúcháin agus an deis aici ó shin a bheith ag plé le réimse leathan ábhar i roinnt rannóga éagsúla.

Tá Sadhbh ar bís leis an scéal a scaipeadh faoin méid a bheidh le teacht faoi Achtanna na dTeangacha Oifigiúla (2003-2021) sa tréimhse amach romhainn, go háirithe ó thaobh na deiseanna fostaíochta a bheidh ann dóibh siúd le Gaeilge i gcomhthéacs sprioc an rialtais go mbeidh 20% ar a laghad d’earcaigh chuig an earnáil phoiblí inniúil i nGaeilge faoi dheireadh 2030.

 

Hannah Ní Dhoimhín

Bainisteoir, Dréimire

Is comhairleoir pleanála teanga agus aistritheoir creidiúnaithe í Hannah.

Sular thosaigh sí ag obair le Dréimire, chaith Hannah blianta ag plé leis an bpleanáil teanga in Éirinn, ag obair le pobail Ghaeltachta agus lasmuigh den Ghaeltacht ag ullmhú pleananna teanga. Tugann sí cainteanna acadúla agus poiblí ar theoiric agus ar chleachtas na pleanála teanga go minic.

I measc a cuid foilseachán tá:
• Plean Teanga Ghaoth Dobhair, Anagaire, Rann na Feirste agus Loch an Iúir, 2016
• Plean Teanga Ghaeltacht na Mí, 2018
• Aithníonn an Fhuil a Chéile, aistriúchán ar ‘Not Just for Christmas’ le Roddy Doyle, 2023

Tá céim BA sa nGaeilge agus sa bhFraincis ag Hannah agus MA sa Léann Teanga, le speisialtóireacht sa bPleanáil Teanga, chomh maith le Séala Creidiúnaithe Fhoras na Gaeilge d’Aistritheoirí agus cáilíocht sa gCóitseáil Teanga san Ionad Oibre. Tá suim faoi leith aici i sealbhú teanga agus i seachadadh idirghlúineach mionteangacha go háirithe.

Suíomh | LinkedIn | X

 

Séamas Ó Concheanainn

An Coimisinéir Teanga, Oifig an Choimisinéara Teanga

Cheap Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUigínn, Séamas Ó Concheanainn ina Choimisinéir Teanga i mí na Nollag 2023. Tá taithí fhorleathan aige ar róil shinsearacha cheannaireachta in earnálacha éagsúla le 20 bliain anuas: reachtaíocht teanga, ardoideachas, pleanáil teanga agus forbairt pobail. Ceapadh Séamas mar Stiúrthóir ar Oifig an Choimisinéara Teanga in 2020. Bhí poist shinsearacha éagsúla aige in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe roimhe sin. Tá spéis ar leith ag Séamas sa bpleanáil teanga agus sa bhforbairt pobail agus sealanna éagsúla caite aige thar na mblianta ag obair go deonach le raon leathan eagraíochtaí agus coistí pobail.

Suíomh | X | Facebook

 


Painéal 5: Teaghlach, Óige agus an Ghaeilge sa Bhaile

Marcas Mac Ruairí

Bainisteoir Forbartha, Glór na nGael

Is bainisteoir de chuid Ghlór na nGael é Marcas Mac Ruairí ar an rannóg Theanga Tí, a bhíonn ag plé le forbairt na Gaeilge sa teaghlach.
Tá céim mháistreachta aige sa Ghaeilge Nua ó Ollscoil Uladh agus dioplóma i bPleanáil Teanga ó Ollscoil na Éireann, Gaillimh.
Is iarbhall boird é d’Fhoras na Gaeilge. Is cathaoirleach é ar Naíscoil Dhún Pádraig i gContae an Duin, áit ar chuidigh sé i mbunú na Gaelscoile aitiúla.
D’oibrigh sé mar iriseoir le nuachtáin áitiúla i gContae an Dúin, chomh maith le tréimhse leis an nuachtán Gaeilge Lá. Tá roinnt leabhar foilsithe aige, An Buntáiste Breise, The Extra Advantage: A Handbook for Irish Speaking Families.
D’ullmhaigh sé tuarascáil saineolais ar chur i bhfeidhm na Cairte Eorpaí do Theangach Mionlaigh agus Réigiúnacha.

Suíomh | Instagram | Facebook | LinkedIn | X

 

Sorcha Ní Chéilleachair

Ceannasaí, Tuismitheoirí na Gaeltachta

Is ó Rinn Ó gCuanach sna Déise do Shorcha ó dhúchas ach tá sí ag cur fúithi i gConamara le blianta. Bhí Sorcha ar dhuine de bhunaitheoirí Thuismitheoirí na Gaeltachta agus tá sí ina ceannasaí ar an eagraíocht ón mbliain 2018. Is iar-mhúinteoir agus leas-phríomhoide bunscoile í agus chaith sí blianta ina clár-reachtaire le RTÉ Raidió na Gaeltachta. Is amhránaí ar an sean-nós chomh maith í agus an-spéis aici i gcúrsaí cultúrtha agus Gaeltachta.

Suíomh | Facebook | Instagram | X

 

Orliath Mhic Leannáin

Stiúrthóir, Fóram na nÓg

Is í Orliath Mhic Leannáin Stiúrthóir Fóram na nÓg. Rugadh agus togadh le Gaeilge í in Iarthar Bhéal Feirste.

Cothaíodh a suim san obair óige agus í ag obair go deonach ó 14 bliana d’aois. Fuair sí a céad phost san earnáil óige agus í ag dul do chéim san Obair Óige in Ollscoil Uladh in 2006. Chaith sí seal ag obair ar tionscadail óige i gceantar Bhóthar Cluanaí Uachtarach. Thosaigh a haistear san obair óige Ghaeilge in 2009. D’obair sí le Glór na Móna mar Chomhordaitheoir Óige na Cathrach. Sa ról sin bhí sí ag tógáil na hearnála óige Gaeilge i mBéal Feirste, trí oiliúint, curaclam, stocaireacht agus tacaíocht a chur ar fáil do ghrúpaí pobail atá ag iarraidh an obair óige Ghaeilge a chur chun cinn.
Tá sí ag feidhmiú mar Stiúrthóir Fhóram na nÓg ó 2021. Deir sí go dtugann an fhoireann spreagadh di i dtólamh, trí bheith ag obair leo ag tógáil agus ag neartú na hoibre óige Gaeilge ó thuaidh.
Cuirtear an-béim ar chleachtas na hoibre óige dúchasaí, múnla a chuir siad le chéile don obair óige Ghaeilge, chun tacaíocht chuí a chuir ar fáil dá mballghrúpaí, a shamhlaíonn go mbeidh spásanna oscailte do dhaoine óga agus chun ceannairí úra a chothú, a bheas in ann seilbh a ghlacadh ar fheachtais na hathbheochana go háitiúil sna pobail forbartha teanga ó thuaidh.

Suíomh | Facebook | Instagram | X

 

An Dr Stiofán Seoighe

Oifigeach Pleanála Teanga Dhúiche Sheoigheach agus Thuar Mhic Éadaigh

Is as Gaillimh do Stiofán agus tá sé ag obair mar Oifigeach Pleanála Teanga i Limistéar Pleanála Teanga Dhúiche Sheoigheach agus Thuar Mhic Éadaigh ó mhí Bealtaine 2020. Bhain sé céim dhochtúireachta sa Nua-Ghaeilge amach ó Ollscoil na Gaillimhe sa bhliain 2019. Bhain a thráchtas sochtheangeolaíochta le nuachainteoirí óga na Gaeilge agus na Bascaise. Ba dhuine de bhunaitheoirí Ghaeil na Gaillimhe CLG é, club a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge i gCathair na Gaillimhe, agus tá sé ina bhall gníomhach go fóill.

Suíomh | Facebook | Instagram | X

 


 

Eocharchainteoir: Lá 2

An Dr John Walsh

Clárbhainisteoir Pleanála Corparáidí, Foras na Gaeilge 

Is é an Dr John Walsh Clárbhainisteoir Pleanála Corparáidí Fhoras na Gaeilge. Sular tháinig sé go Foras na Gaeilge, bhí sé ina Ollamh Comhlach le Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe, áit ar mhúin sé an tsochtheangeolaíocht, léann na meán agus teanga na Gaeilge ar feadh 18 mbliana. Roimhe sin d’oibrigh sé mar léachtóir Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, mar eagarthóir nuachta leis an mBiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana sa Bhruiséil agus mar iriseoir Gaeilge/Béarla le TG4, RTÉ agus leis an raidió áitiúil.

An Dr Laoise Ní Dhúda

Oifigeach Pleanála Teanga, Gaeilge Iorrais

Fuair sí a cuid ollscolaíochta in Ollscoil na Gaillimhe, BA (2003), MA (2004) agus PhD (2010). Foilsíodh a céad leabhar dar teideal Roghanna: Lámhleabhar Eolais faoin bPleanáil Teanga in 2014. Chaith sí tréimhsí ag obair i Roinn na Gaeilge (Ollscoil na Gaillimhe) agus in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gcúrsa dioplóma sa Phleanáil Teanga agus ar an MA sa Léann Teanga. Tá taithí na mblianta aici ag obair leis an óige agus i measc an phobail sa Ghaeltacht. Scríobh sí an Plean Teanga do Mhaigh Eo Thuaidh (2018). Thosaigh sí ag obair mar Oifigeach Pleanála Teanga le Gaeilge Iorrais in 2019.

 

Cláraigh dár Nuachtlitir

chun coinneáil suas chun dáta leis an nuacht agus na himeachtaí is déanaí.
Newsletter Signup
Form Validation

Gaelphobal
Gaelphobal
Gaelphobal