Tá sraith cruinnithe poiblí le tarlú le linn mhí Mheán Fómhair leis an bpobal a chur ar an eolas maidir le tús a chur le próisis pleanála teanga i mbailte airithe.

Aithnítear Baile Átha Buí agus an Uaimh i gContae na Mí agus Maigh Chromtha i gContae Chorcaí, mar bhailte a d’fheadfadh aitheantas a bhaint amach mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta faoi hAcht na Gaeltachta 2012. Ag na cruinnithe seo, roinnfear eolas ar na céimeanna atá le glacadh le plean teanga a ullmhú don bhaile, le faomhadh a fháil air agus leis an aitheantas seo a bhaint amach.

An Uaimh: Dé Céadaoin 7 Meán Fómhair, 7.00pm, Óstan Newgrange

Baile Átha Buí: Déardaoin 8 Meán Fómhair, 7.00pm, Darnley Lodge

Maigh Chromtha: Dé Céadaoin 28 Meán Fómhair, 7.00pm, Óstán an Chaisleáin

I ngach baile, ceapfar coiste stiúrtha agus ceanneagraíocht leis an bpróiseas pleanála teanga a stiúradh agus le cinntiú go bhfuil deis ag an bpobal ionchur a bheith acu sa phróiseas pleanála teanga.

Tá fáilte roimh gach duine chuig na cruinnithe seo le tuilleadh eolais a fháil ar an phróiseas seo agus le ceisteanna a chur le cad atá i gceist do na bailte seo. Más maith leat tuilleadh eolais ar na cruinnithe seo is feidir ríomhphost a chur chuig unishabhaois@forasnagaeilge.ie nó glaoch a chur ar 087 406 6898.

More News You Might Like

March 27, 2025

Folúntais Post le Gaeilge Locha Riach
leigh nios mo

September 9, 2024

Comhdháil Pleanála Teanga 2024
leigh nios mo

July 7, 2025

Cruinniú d’Fhóram Pleanála Teanga na nÚdarás Áitiúil
leigh nios mo

Cláraigh dár Nuachtlitir

chun coinneáil suas chun dáta leis an nuacht agus na himeachtaí is déanaí.

Cláraigh dár Nuachtlitir

chun coinneáil suas chun dáta leis an nuacht agus na himeachtaí is déanaí.
Newsletter Signup
Form Validation

Gaelphobal
Gaelphobal
Gaelphobal