Tá daonra de bhreis agus 12,000 i gCaisleán an Bharraigh. Freastalaíonn an baile ar mhuintir na Gaeltachta ó Limistéar Dhúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh, Limistéar Mhaigh Eo Thiar agus Limistéar Mhaigh Eo Thuaidh.
Ceapadh Gnó Mhaigh Eo mar cheanneagraíocht ar an bpróiseas pleanála teanga sa bhaile i gcomhar le coiste stiúrtha pleanála teanga áitiúil chomhdhéanta de ghrúpaí pobal agus ionadaí áitiúla eile. Go luath 2022 seoladh dréacht-phlean teanga chuig an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán le faomhadh agus ceadaíodh é i mí Iúil 2022.
Léigh a thuilleadh: