Tá Foras na Gaeilge i ndiaidh infheistiú corradh is €4.1 milliún a éascú go dtí seo sa phróiseas pleanála teanga in ocht gceantar a fuair aitheantas oifigiúil le déanaí ar son na bhforbairtí ina bpobail Ghaeilge. Fuair na pobail seo ar fud na tíre an t-aitheantas seo agus tugadh tacaíocht agus maoiniú stáit dóibh chun pleananna teanga a dhréachtú agus a chur i bhfeidhm chun úsáid na Gaeilge ina gceantar a fheabhsú a thuilleadh.

Tríocha bliain ó shin, i ndiaidh cuairt a thabhairt ar Bhóthar Seoighe in Iarthar Bhéal Feirste le hamharc ar thorthaí na gluaiseachta a thosaigh Séamus Mac Seáin agus Seán Mac Seán, i measc daoine eile, fiche bliain roimhe sin, shocraigh grúpa beag daoine i gCarn Tóchair an síol a chur fá choinne athbheochan na Gaeilge mar theanga labhartha an cheantair.

Caitheann feachtas margaíochta nua uile-oileáin ar fud na tíre, ina bhfuil seacht bpobal Gaeilge ar oileán na hÉireann, solas ar phobal Charn Tóchair in aice le Machaire Ráthar i gContae Dhoire. I bhfíseán a fhoilseofar ar líne an tseachtain seo tá raon leathan ball, idir óg agus sean, den phobal, agus dírítear ar imeachtaí óige, oideachas lán-Ghaeilge sa cheantar, spórt, cultúr, an timpeallacht agus gnó i bpobal Gaeilge an cheantair.

In 1992 bhunaigh Coiste Forbartha Charn Tóchair Naíscoil Charn Tóchair, an chéad naíscoil lán-Ghaeilge in Éirinn taobh amuigh den Ghaeltacht, ar thailte Eiméid Shleacht Néill CLG sa cheantar. An bhliain dár gceann chuaigh tuismitheoirí agus daoine eile ar aghaidh gur bhunaigh siad Bunscoil Lúraigh, an chéad bhunscoil lán-Ghaeilge faoin tuath taobh amuigh den Ghaeltacht. Tríocha bliain ar aghaidh agus tá pobal láidir fásmhar Gaeilge ann agus bonneagar iontach.

Le blianta beaga anuas bunaíodh iar-bhunscoil lán-Ghaeilge, Gaelcholáiste Dhoire. Anois ina seachtú bliain di, tá céad chohórt daltaí na scoile díreach i ndiaidh a n-iar-bhunoideachas a chur i gcrích. Leanann Gaelcholáiste Dhoire ar a conair inairde, agus i Meán Fómhair 2022 beidh corradh is 300 dalta le maíomh aici.

Le blianta beaga anuas tá Coiste Forbartha Charn Tóchair ag fás léis ó neart go neart, ag bunú gnólachtaí nua sna meáin agus i dtáirgeadh céardaíochta, chomh maith le Spraoi, cuideachta úrnua gníomhaíochtaí faoin aer a éascaíonn imeachtaí i dTearmann Dúlra Dhroim nDamh in aice láimhe le freastal ar an éileamh ollmhór ó Ghaelscoileanna agus grúpaí pobail ar imeachtaí Gaeilge.

Tá an pobal dátheangach ag bláthú leis, le pleananna iontacha don bhliain agus iad ag ceiliúradh tríocha bliain d’athbheochan na Gaeilge ina gceantar beag tuaithe. I Meitheamh 2022 cheap Coiste Forbartha Charn Tóchair Joe Ó Dochartaigh mar oifigeach pleanála teanga le feidhmiú an phlean Gaeilge a chomhordú mar chuid den scéim líonra Gaeilge.

Dúirt Niall Ó Catháin ó Choiste Forbartha Charn Tóchair, “Cé go bhfuil Coiste Forbartha Charn Tóchair ag cur chun cinn athréimniú na Gaeilge sa phobal le beagnach tríocha bliain, ligfidh an tionscadal seacht mbliana agus an stádas a thabharfaidh sé leis dúinn seo a thabhairt go leibhéal eile ar fad. Bhéarfaidh sé an deis dúinn úsáid agus líofacht na teanga a ardú inár bpobal ar gach leibhéal, ón mhuintir atá at tosú amach ag foghlaim na teanga, tríd go teaghlaigh atá ag cinneadh a bpáistí a thógáil trí Ghaeilge. Ligfidh sé dúinn tacú leis an líon fásmhar páistí agus daoine óga atá ag freastal ar oideachas lán-Ghaeilge agus tógáil ar an mhais chriticiúil de dhaoine óga go háirithe a úsáideann Gaeilge gach lá mar chéad teanga acu. Cuirfidh sé, fosta, le feasacht ar an athbheochan teanga ar fud an phobail ionas go dtuigfidh gach duine sinn agus go dtig leo tacú linn agus sinn ag athrú go pobal atá dátheangach go fíor sna glúine atá le teacht.

Arsa Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Tá ríméad ar Fhoras na Gaeilge a bheith ag seoladh ar bhfeachtais nua feasachta a chaithfidh spotsolas ar na tionscnaimh iontacha a bhfuiltear ag tabhairt fúthu i bpobail Ghaeilge ar fud na tíre. D’oibrigh na pobail seo gan staonadh le pleananna teanga a fhorbairt a neartóidh úsáid na Gaeilge ina bpobail sna míonna agus sna blianta seo romhainn. Tá lúcháir orainn chomh maith go bhfuil, go dtí seo, ocht gceantar ar éirigh leo a bpleananna teanga a bheith faofa agus táimid ag súil le bheith ag comhoibriú leo agus ag cabhrú leo maidir leis na pleananna seo a chur i bhfeidhm sna seacht mbliana seo romhainn. Faoi láthair táimid ag súil leis go mbeidh fiche ceantar eile, atá ag fáil tacaíochta faoi láthair trí scéim shuaitheanta Fhoras na Gaeilge, an Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge, in ann a bheith ag obair i dtreo an t-aitheantas seo a bhaint amach trína bpleananna teanga féin a fhorbairt amach anseo.”

Cláraigh dár Nuachtlitir

chun coinneáil suas chun dáta leis an nuacht agus na himeachtaí is déanaí.

Cláraigh dár Nuachtlitir

chun coinneáil suas chun dáta leis an nuacht agus na himeachtaí is déanaí.
Newsletter Signup
Form Validation

Gaelphobal
Gaelphobal
Gaelphobal