Osclaíodh oifig úr Líonra Leitir Ceanainn ag 7 Sráid an Chaisleáin F92YP93, go hoifigiúil Dé Luain 20 Meitheamh agus Regina Uí Chollatáin, Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, mar aoi speisialta ar an lá. Tá spás sóisialta ar fáil thíos staighre do ranganna, ceardlanna agus deiseanna neamhfhoirmiúla do dhaoine teacht le chéile. Tá leabharlann ann fosta agus leabhair, cluichí agus acmhainní eile ar fáil ar iasacht. 

Tá Foras na Gaeilge tar éis infheistiú corradh is €4.1 milliún a éascú go dtí seo sa phróiseas pleanála teanga in ocht gceantar a fuair aitheantas oifigiúil le déanaí ar son na bhforbairtí ina bpobail Ghaeilge. Fuair na pobail seo ar fud na tíre an t-aitheantas seo agus tugadh tacaíocht agus maoiniú stáit dóibh chun pleananna teanga a dhréachtú agus a chur i bhfeidhm chun úsáid na Gaeilge ina gceantar a fheabhsú a thuilleadh. 

Tá lúcháir ar Fhoras na Gaeilge Gaelphobal a sheoladh, feachtas uile-oileáin leis na pobail atá i mbun pleanáil teanga lasmuigh den Ghaeltacht. Beidh www.gaelphobal.ie mar thobar lárnach eolais a chuirfidh acmhainní agus tacaíocht a fháil do phobail ag gach staid den aistear pleanála teanga.

Tá fás agus forbairt tagtha ar an Ghaeilge i gceantar Leitir Ceanainn agus Oifigeach Forbartha Gaeilge, Pádraig Mac Congáil, nuacheaptha ag Líonra LC . Tá an ról seo á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge faoin Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge agus beidh Pádraig ag obair leis an Chomhordaitheoir Pleanála Teanga agus leis an choiste chun bearta an phlean teanga a chur chun cinn. Tá tuilleadh eolais ar fáil ó eolas@lionralc.ie.

Tá Líonra Leitir Ceanainn roghnaithe mar cheantar as seacht nGaelphobal fud fad na tíre le bheith páirteach san fheachtas feasachta. Mar chuid de beidh go leor den phobal áitiúil le feiceáil i bhfíseán nua faoin Ghaelphobal sa cheantar agus an obair atá idir lámha ag Bairbre Uí Chathail, Pádraig Mac Congáil agus Líonra Leitir Ceanainn. 

Beidh Caoimhe Ní Chathail agus Micheál Ó Ciaraidh le cluinstin fosta ar fhógra raidió ar Highland Radio. 

Tá infheictheacht na Gaeilge i gcroílár phlean teanga Leitir Ceanainn agus, dá bhrí sin, tá ról suntasach ag gnólachtaí, eagraíochtaí agus seirbhísí pobail an Ghaeilge a chur chun cinn. Tá aitheantas ar Leitir Ceanainn mar bhaile seirbhíse Gaeltachta agus lúcháir orainn mar Líonra Leitir Ceanainn scéim úr de chuid Ghlór na nGael a chur chun cinn. 

Tá a fhios againn ó thaighde a rinneadh le déanaí go bhfuil luach trádála ag baint le húsáid na Gaeilge san earnáil gnó. Is scéim aitheantais í GRADAIM do ghnólachtaí atá ag úsáid na Gaeilge mar chuid den ghnó nó atá ag cur seirbhís trí Ghaeilge ar fáil dá gcustaiméirí. Tá sé seo ríthábhachtach ní hamháin do phobal Leitir Ceanainn ach do mhuintir na Gaeltachta a bhíonn i mbun a gcuid gnó agus a gcuid siopadóireachta a dhéanamh sa bhaile mhór. 

Tá maoiniú ar fáil chun cuidiú le gnólachtaí agus eagraíochtaí comharthaíocht, obair mhargaíochta agus eile a chruthú go dátheangach ó Scéim Tacaíochta Gnó de chuid Fhoras na Gaeilge. Tá tuilleadh eolais ar fáil ón Chomhordaitheoir Pleanála Teanga eolas@lionralc.ie 086 0751663

Ghlac níos mó ná seachtó duine páirt i ranganna Gaeilge ó thús na bliana – ó ghlantosaitheoirí go daoine atá líofa. 

Bíonn Ciorcal Comhrá seachtainiúil ar siúl san oifig maidin Dé Máirt ar 10, Braon Beag Gaeilge do ghrúpa tosaitheoirí maidin Dé Céadaoin agus Líonra na Leanaí – grúpa atá páirtmhaoinithe ag Glór na nGael – ar siúl maidin Déardaoin ar 10.30. Cuireadh tús le Club Óige sa Ghaelscoil le déanaí i gcomhpháirtíocht le hÓgras. 

Tá comhoibriú tairbheach suntasach ar siúl i gcomhpháirtíocht leis na hOifigigh Pleanála Teanga eile sa chontae agus le heagraíochtaí eile macasamhail Rannóg na Gaeilge sa Chomhairle Contae, Seirbhís Óige Dhún na nGall agus Comhpháirtíocht Spóirt Dhún na nGall. Bíonn Preab-Ghaeltacht ar siúl ar an chéad Déardaoin d’achan mhí agus cúpla thuras beartaithe don samhradh. Rinne an eagraíocht taighde in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh agus tá plean ag Líonra LC i gcomhpháirtíocht leis an choláiste cur leis an Ghaeilge agus leis na deiseanna agus na féidearthachtaí atá á soláthar do phobal na hOllscoile anseo i Leitir Ceanainn.  

Is é an phríomhsprioc ná deiseanna éagsúla a sholáthar do phobal na Gaeilge i gceantar Leitir Ceanainn agus do dhaoine ar suim leo Gaeilge a fhoghlaim agus a fheabhsú. Níl plean gan phobal agus tá sé soiléir go bhfuil pobal bríomhar thart fá cheantar Leitir Ceanainn. 

Dúirt Bairbre Ní Chathail, Comhordaitheoir Pleanála Teanga, “Tá borradh faoin Ghaeilge thart fá Leitir Ceanainn, níl dabht ar bith fá dtaobh de! Cuireann sé gliondar ar mo chroí an t-éileamh atá ar ranganna agus ar imeachtaí a fheiceáil, dea-thoil na ngnólachtaí i leith na Gaeilge a aithint agus teanga ár n-oidhreachta a chloisteáil ó phobal an bhaile agus muintir na Gaeltachta, óg agus aosta, ar shráideanna an bhaile seo.”

Dúirt an tAire Stáit Jack Chambers TD:

“Mar Aire a bhfuil freagracht air as cur i bhfeidhm Acht na Gaeltachta 2012, táim sásta an dul chun cinn suntasach a fheiceáil atá déanta sa phróiseas pleanála teanga ar fud na tíre go léir. Sna pobail a dtugaim cuairt orthu i mbailte agus i sráidbhailte fud fad na hÉireann, bím chomh tógtha sin le díograis, coimitmint agus tiomantas mhuintir na háite atá chomh paiseanta sin faoin nGaeilge a neartú agus a chur chun cinn. Tréaslaím le Foras na Gaeilge an feachtas agus suíomh gréasáin nua seo a bheidh ina acmhainn den scoth do na heagraíochtaí pleanála teanga atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. Tá lúcháir orm freisin gurb é fócas an tionscnaimh seo é a dhéanamh níos éasca don phobal eolas a fháil faoin nGaeilge ina gceantair féin. Tá sé seo ríthábhachtach le go mbeidh níos mó daoine ag iarraidh an teanga a ghlacadh chucu féin agus chun a chinntiú go bhfásfaidh sí léi amach anseo.”

 

Pictiúir le : Clive Wasson

lionralc.ie

facebook.com/lionralc

twitter.com/lionralc

instagram.com/lionra_leitir_ceanainn/

Cláraigh dár Nuachtlitir

chun coinneáil suas chun dáta leis an nuacht agus na himeachtaí is déanaí.

Cláraigh dár Nuachtlitir

chun coinneáil suas chun dáta leis an nuacht agus na himeachtaí is déanaí.
Newsletter Signup
Form Validation

Gaelphobal
Gaelphobal
Gaelphobal