Tá Foras na Gaeilge tar éis infheistiú corradh is €4.1 milliún a éascú go dtí seo sa phróiseas pleanála teanga in ocht gceantar a fuair aitheantas oifigiúil le déanaí ar son na bhforbairtí ina bpobail Ghaeilge. Fuair na pobail seo ar fud na tíre an t-aitheantas seo agus tugadh tacaíocht agus maoiniú stáit dóibh chun pleananna teanga a dhréachtú agus a chur i bhfeidhm chun úsáid na Gaeilge ina gceantar a fheabhsú a thuilleadh.

Tá na pobail seo, ar a dtugtar Gaelphobail, le fáil áit ar bith ina bhfuil pobal ag gabháil do chur chun cinn na Gaeilge trí phleananna teanga a chruthú agus a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear líonraí Gaeilge agus i mbailte seirbhíse Gaeltachta. Is é aidhm fheachtas Gaelphobal tacú le hobair na bpobal seo agus í a cheiliúradh, agus é a dhéanamh níos éasca don phobal a fháil amach faoin nGaeilge ina gceantair féin.

Tá pleananna Gaeilge á leathadh amach sna líonraí Gaeilge i gCluain Dolcáin i gContae Bhaile Átha, Inis i gContae an Chláir, Baile Locha Riach i gContae na Gaillimhe, Carn Tóchair i gContae Dhoire agus Iarthar Bhéal Feirste i gContae Aontroma, chomh maith leis na bailte seirbhíse Gaeltachta, Leitir Ceanainn i gContae Dhún na nGall, Cathair na Gaillimhe i gContae na Gaillimhe agus Trá Lí i gContae Chiarraí.

Inniu, Dé Luain an 20 Meitheamh, rinneadh feachtas náisiúnta Gaelphobal a sheoladh go hoifigiúil i Leitir Ceanainn. Sheol Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Regina Uí Chollatáin, an feachtas náisiúnta agus í ag oscailt go hoifigiúil oifigí nua Líonra Leitir Ceanainn – ceann de na Gaelphobail a bhfuil aird á tarraingt orthu.

Tá suíomh gréasáin nua, www.gaelphobal.ie, ar fáil ó inniu mar fhoinse faisnéise do dhaoine chun a fháil amach faoi imeachtaí Gaelphobail ina gceantar agus mar acmhainn do ghrúpaí agus pobail atá ag gabháil don phróiseas pleanála teanga Gaeilge chun aitheantas oifigiúil a fháil mar líonra Gaeilge nó baile seirbhíse Gaeltachta.

Mar chuid den fheachtas seo rinneadh sraith físeán ina gcaitear spotsolas ar gach ceann de na ceantair seo, an obair atá siad a dhéanamh agus tábhacht na Gaeilge dá bpobal.

Áirítear san fheachtas freisin sraith nua podchraoltaí a sheoladh, Guthanna Gaelphobal, ina bhfuil comhráite le saineolaithe pleanála teanga, baill coiste agus oifigigh pleanála teanga a bhfuil taithí dhíreach acu ag tógáil pobail Ghaeilge ar an talamh.

Arsa Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn,

“Tá ríméad ar Fhoras a bheith ag seoladh ar bhfeachtais nua feasachta a chaithfidh spotsolas ar na tionscnaimh iontacha a bhfuiltear ag tabhairt fúthu i bpobail Ghaeilge ar fud na tíre. D’oibrigh na pobail seo gan staonadh le pleananna teanga a fhorbairt a neartóidh úsáid na Gaeilge ina bpobail sna míonna agus sna blianta seo romhainn. Tá lúcháir orainn chomh maith go bhfuil, go dtí seo, ocht gceantar ar éirigh leo a bpleananna teanga a bheith faofa agus táimid ag súil le bheith ag comhoibriú leo agus ag cabhrú leo maidir leis na pleananna seo a chur i bhfeidhm sna seacht mbliana seo romhainn. Faoi láthair táimid ag súil leis go mbeidh fiche ceantar eile, atá ag fáil tacaíochta faoi láthair trí scéim shuaitheanta Fhoras na Gaeilge, an Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge, in ann a bheith ag obair i dtreo an t-aitheantas seo a bhaint amach trína bpleananna teanga féin a fhorbairt amach anseo.”

Arsa Aire Stáit Jack Chambers,

“Mar Aire a bhfuil freagracht air as cur i bhfeidhm Acht na Gaeltachta 2012, táim sásta an dul chun cinn suntasach a fheiceáil atá déanta sa phróiseas pleanála teanga ar fud na tíre go léir. Sna pobail a dtugaim cuairt orthu i mbailte agus i sráidbhailte fud fad na hÉireann, bím chomh tógtha sin le díograis, coimitmint agus tiomantas mhuintir na háite atá chomh paiseanta sin faoin nGaeilge a neartú agus a chur chun cinn. Tréaslaím le Foras na Gaeilge an feachtas agus suíomh gréasáin nua seo a bheidh ina acmhainn den scoth do na heagraíochtaí pleanála teanga atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. Tá lúcháir orm freisin gurb é fócas an tionscnaimh seo é a dhéanamh níos éasca don phobal eolas a fháil faoin nGaeilge ina gceantair féin. Tá sé seo ríthábhachtach le go mbeidh níos mó daoine ag iarraidh an teanga a ghlacadh chucu féin agus chun a chinntiú go bhfásfaidh sí léi amach anseo.”

Foghlaim níos mó faoi na forbairtí iontacha i nGaelphobail timpeall na tíre agus faigh amach cén áit a bhfuil an Gaelphobal is gaire duit trí chuairt a thabhairt ar www.gaelphobal.ie.

 

Críoch

 

Nótaí don eagarthóir

Acht na Gaeltachta 2012 agus an próiseas pleanála teanga

Le hAcht na Gaeltachta 2012 cuireadh ar fáil aitheantas reachtach agus tacaíocht stáit do líonraí lasmuigh den Ghaeltacht oifigiúil a chomhlíonann na critéir chun plean teanga a chur i bhfeidhm i measc a bpobail. Tá Foras na Gaeilge freagrach as tacú le heagraíochtaí pleananna teanga a ullmhú agus a chur i bhfeidhm sna líonraí Gaeilge agus sna bailte seirbhíse Gaeltachta lasmuigh den Ghaeltacht. Tá an obair á maoiniú ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Ach tá Foras na Gaeilge ag tacú go díreach leis na líonraí Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste agus Carn Tóchair.

Déanann Údarás na Gaeltachta maoirseacht ar limistéir pleanála teanga Ghaeltachta agus bailte seirbhíse Gaeltachta atá suite i gceantair Ghaeltachta. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ag www.udaras.ie.

Líonraí Gaeilge

Is é is líonra Gaeilge ann ceantar a bhfuil mais chriticiúil de thacaíocht bainte amach aige maidir le tacaíocht phobail agus stáit don Ghaeilge. Comhaontaíonn na ceantair seo pleananna Gaeilge bunaithe ar thaighde pobail agus prionsabail pleanála teanga chun úsáid na Gaeilge sa cheantar sin a fheabhsú a thuilleadh. Faoi láthair tá aitheantas tugtha d’Iarthar Bhéal Feirste, Carn Tóchair, Inis, Baile Locha Riach agus Cluain Dolcáin mar líonraí Gaeilge agus tá tuilleadh le haitheantas a fháil sna blianta seo ag teacht.

Bailte seirbhíse Gaeltachta

Tá Bailte seirbhíse Gaeltachta suite i gceantair Ghaeltachta nó gar do cheantair Ghaeltachta agus imríonn siad ról tábhachtach maidir le seirbhísí a chur ar fáil do na ceantair Ghaeltachta sin. Chomh maith leis sin ullmhaíonn na bailte seo agus cuireann siad i bhfeidhm pleananna teanga chun úsáid na Gaeilge a mhéadú sa bhaile agus chun na seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge ann a mhéadú. Faoi láthair tá pleananna teanga faofa i Leitir Ceanainn, Cathair na Gaillimhe agus Trá Lí. Tá pleananna teanga curtha isteach go dtí an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán thar ceann Dhún Garbháin agus Chaisleáin an Bharraigh. Tá pleananna teanga á ndréachtú faoi láthair i gCathair Saidhbhín, Corcaigh, Baile an Róba agus an Clochán, agus tá na bailte Maigh Chromtha, Dún na nGall, an Uaimh agus Baile Átha Buí chun tosú ag dréachtú a bpleananna teanga amach anseo.

 

Mar gheall ar an bpodchraoladh

Is é atá sa phodchraoladh Guthanna Gaelphobal ná sraith de chomhráite le daoine atá páirteach sa phróiseas pleanála teanga. Is féidir é a aimsiú ar Apple Podcasts agus Spotify.

Cláraigh dár Nuachtlitir

chun coinneáil suas chun dáta leis an nuacht agus na himeachtaí is déanaí.

Cláraigh dár Nuachtlitir

chun coinneáil suas chun dáta leis an nuacht agus na himeachtaí is déanaí.
Newsletter Signup
Form Validation

Gaelphobal
Gaelphobal
Gaelphobal