Tá Foras na Gaeilge tar éis infheistiú corradh is €4.1 milliún a éascú go dtí seo sa phróiseas pleanála teanga in ocht gceantar a fuair aitheantas oifigiúil le déanaí ar son na bhforbairtí ina bpobail Ghaeilge. Fuair na pobail seo ar fud na tíre an t-aitheantas seo agus tugadh tacaíocht agus maoiniú stáit dóibh chun pleananna teanga a dhréachtú agus a chur i bhfeidhm chun úsáid na Gaeilge ina gceantar a fheabhsú a thuilleadh.

Ag ócaid in Inis Dé Céadaoin seo caite, cuireadh tús oifigiúil leis an togra Inis, Baile Líonra Gaeilge, ina mbeidh Baile na hInse mar chuid den fheachtas náisiúnta Gaelphobal. Seo toradh ar obair leanúnach le cúig bliana anuas, agus cuireann sé tús le ré nua den chlár forbartha atá ar siúl ag an gClár as Gaeilge.

Sa bhliain 2016, chuir An Clár as Gaeilge, an cheanneagraíocht atá freagrach as cur chun cinn na Gaeilge ag leibhéal pobail sa chontae, plean le chéile don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, chun Inis a aithint mar líonra Gaeilge. Ghlac an roinn leis an iarratas seo agus ar an 24 Meán Fómhair 2021, sheol an tAire Stáit Jack Chambers an plean.

Ó shin I leith, tá an obair chun oifigeach pleanála a earcú agus a cheapadh ar siúl, agus anois tá Macdara Ó Conaola ó Inis Oírr ceaptha mar oifigeach pleanála teanga do líonra na hInse. Beidh Macdara lonnaithe in oifigí An Clár as Gaeilge i Sráid na Beairice in Inis agus an cúram air idirghníomhú le forais stáit, comhlachtaí poiblí agus príobháideacha, cumainn tráchtála agus grúpaí pobail, d’fhonn an Ghaeilge a chur chun cinn i ngnáthobair an lae.

Chuir Cathaoirleach an Chláir as Gaeilge, Dónal Ó hAiniféin, fáilte go hInis roimh Mhacdara agus dúirt sé go mbeadh an toifigeach pleanála nua ag treabhadh in ithir torthúil de bharr na hoibre atá á déanamh i gcur chun cinn na teanga sa bhaile le dhá scór bhliain anuas. Rinne sé tagairt do na gradaim náisiúnta atá buaite ag an mbaile thar na blianta agus dúirt sé go raibh sé cinnte go mbeadh tuilleadh ag teacht sna blianta atá romhainn.  Mhínigh sé gur toradh é an la inniu ar an taighde agus an réamhphleanáil a rinneadh chun stádas líonra Gaeilge a bhaint amach. “Seo todhchaí fhorbairt na Gaeilge in Inis agus i gContae an Chláir. Mar sin, tá dualgas orainn go léir páirt a ghlacadh sa phróiseas pleanála a bheidh faoi stiúir ag Macdara anseo,” a dúirt sé.

Dúirt an t-oifigeach pleanála teanga nua, Macdara Ó Conaola, go raibh áthas an domhain air a bheith mar chuid den togra nuálach seo le Gaeilge a chur chun cinn mar theanga phobail sa Chlár. Bhí sé ag súil go mór le haithne a chur ar na grúpaí go léir atá gníomhach i gcúrsaí Gaeilge sa chontae agus le bheith ag obair leo.

Dúirt an tAire Stáit Jack Chambers, “Mar Aire a bhfuil freagracht air as cur i bhfeidhm Acht na Gaeltachta 2012, táim sásta an dul chun cinn suntasach a fheiceáil atá déanta sa phróiseas pleanála teanga ar fud na tíre go léir. Sna pobail a dtugaim cuairt orthu i mbailte agus i sráidbhailte fud fad na hÉireann, bím chomh tógtha sin le díograis, coimitmint agus tiomantas mhuintir na háite atá chomh paiseanta sin faoin nGaeilge a neartú agus a chur chun cinn. Tréaslaím le Foras na Gaeilge an feachtas agus suíomh gréasáin nua seo a bheidh ina acmhainn den scoth do na heagraíochtaí pleanála teanga atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. Tá lúcháir orm freisin gurb é fócas an tionscnaimh seo é a dhéanamh níos éasca don phobal eolas a fháil faoin nGaeilge ina gceantair féin. Tá sé seo ríthábhachtach le go mbeidh níos mó daoine ag iarraidh an teanga a ghlacadh chucu féin agus chun a chinntiú go bhfásfaidh sí léi amach anseo.”

Beidh An Clár as Gaeilge, mar cheanneagraíocht fhorbairt na Gaeilge sa chontae, ag déanamh comhordú ar an obair agus tá cuireadh á thabhairt don phobal ar fad bheith páirteach ann.

Cláraigh dár Nuachtlitir

chun coinneáil suas chun dáta leis an nuacht agus na himeachtaí is déanaí.

Cláraigh dár Nuachtlitir

chun coinneáil suas chun dáta leis an nuacht agus na himeachtaí is déanaí.
Newsletter Signup
Form Validation

Gaelphobal
Gaelphobal
Gaelphobal