Eagraíodh Ceardlann Pleanála Teanga ag Foras na Gaeilge ar na mallaibh in Áth Luain. Cuireadh fáilte roimh Oifigigh Pleanála Teanga agus ionadaithe ceanneagraíochta ó Líonraí Gaeilge agus ó Bhailte Seirbhíse Gaeltachta lasmuigh den Ghaeltacht.  

Tugadh uasdátaithe ar roinnt scéimeanna agus pleananna, rinneadh roinnt cur i láthair ar ábhair éagsúla.

Roinn Ciarán Mac Giolla Bhéin, Comhordaitheoir Pleanála Teanga le Fís an Phobail, eolas i bhfoirm cás-staidéar ar an dul chun cinn atá ag tarlú in Iarthar Bhéal Feirste. Ar bharr sin, eascaíodh seisiún plé leis na rannpháirtí ar cheisteanna ábhartha a bhaineann leis an ról atá acu pleananna teanga a chur i bhfeidhm.

Thug Muireann Ní Dhroighneáin ó Oireachtas na Gaeilge cur i láthair maidir leis na scéimeanna tacaíochta atá ar fáil fríd an eagraíocht i réimse na healaíona agus do na healaíona teanga bhunaithe.  Is féidir tuilleadh eolais faoi na scéimeanna seo a aimsiú anseo. 

Ní mór dúinn ár mbuíochas a ghabhail leis foireann Óstán an Hodson Bay as a gcuid tacaíochta agus seirbhís den scoth a chur ar fáil. 

 

More News You Might Like

February 15, 2024

Ceardlann Oiliúna Ghlór na nGael ar 27/02/2024
leigh nios mo

June 12, 2026

Ceardlann Pleanála Teanga in Áth Luain
leigh nios mo

November 4, 2024

Folúntas mar Oifigeach Pleanála Teanga i gCaisleán an Bharraigh
leigh nios mo

Cláraigh dár Nuachtlitir

chun coinneáil suas chun dáta leis an nuacht agus na himeachtaí is déanaí.

Cláraigh dár Nuachtlitir

chun coinneáil suas chun dáta leis an nuacht agus na himeachtaí is déanaí.
Newsletter Signup
Form Validation

Gaelphobal
Gaelphobal
Gaelphobal