Eagraíodh imeacht in Ollscoil Luimnigh le déanaí ar an chóitseáil teanga agus ar an tábhacht a bhaineann leis an chleachtas seo in áiteanna oibre agus i bpobail fud fad na tíre.
Tá ról suimiúil agus tábhachtach ag an chóitseáil teanga maidir le daoine a spreagadh chun teanga ar leith a úsáid i gcomhthéacsanna áirithe. Cé nach mbaineann sé go díreach le cumas sa teanga, tá ról ar leith ag an chóisteáil teanga múinín a thógáil i ndaoine agus iad a a chur ag labhairt i dteanga úr.
Tá an cur chuige seo aitheanta go hidirnáisiúnta agus tá ról sonrach anois ag an chóisteáil teanga i bpleanáil do chur chun cinn mionteangacha i go leor áiteanna. Tá cóitseáil teanga luaite go sonrach sa Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024 – 2030.
Labhair Louise Varagnolo ag an chruinniú in Ollscoil Luimnigh. Is comhairleoir straitéiseach í Louise do Rialtas Cheanada agus saineolaí ar éadaingne teangeolaíochta. Rinne sí roinnt seisiún a éascú ar an choincheap, na deiseanna agus na dúshláin a bhaineann leis, agus cén dóigh gur feidir na prionsabail a bhaineann leis an chleachtas seo a chur i bhfeidhm go forleathan.
Tá modúl MicriDhintiúr ar fáil ó Ollscoil Luimnigh chun tacú leis an Chóitseáil Teanga don Ghaeilge agus don Bhéarla san ionad oibre agus is í Ollscoil Luimnigh an t-aon institiúd tríú leibhéal a chuireann cúrsa den saghas seo ar fáil i láthair na huaire.
Ta tuilleadh eolais maidir leis an chomhdháil ar fáil anseo: https://www.ul.ie/news/ul-event-spotlights-importance-of-language-coaching-to-meet-demand-for-rapid-upskilling
Tá tuilleadh eolais maidir leis an chúrsa sa Chóitseáil Teanga ar fáil anseo: https://www.ul.ie/artsoc/en-aonad-na-gaeilge/language-coaching-in-the-workplace
(C-D) An Dr. Stiofán Seoighe, Ursula Ní Shabhaois, Louise Varagnolo, An Dr. Deirdre Ní Loinsigh, Sarah Brady, Siúbhann Nic Grianna, Dr. Catherine Martin
