Seoladh taighde a scrúdaíonn traschur teaghlaigh na Gaeilge, le linn Fhéile an Phobail 2024, agus moltar ann go ndéanfaí ‘infheistíocht shuntasach agus leanúnach chun soláthar seirbhísí luath-bhlianta agus teaghlaigh trí mheán na Gaeilge a fheabhsú agus a mhéadú’.
Choimisiúnaigh Líonra Pleanála Teanga Iarthar Bhéal Feirste, Fís an Phobail, an tuarascáil ‘Saol trí Ghaeilge’ a úsáideann ‘saineolas taighdeoirí a bhfuil suim ghníomhach acu’.
I gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, sheol Fís an Phobail ‘Saol Trí Ghaeilge: Tuairisc Athbhreithnithe ar Sheirbhísí Luath Bhlianta agus Imeachtaí Teaghlaigh i gCeantair Líonra Feirste Thiar ’ mar chuid d’Fhéile an Phobail 2024. Is cuid de phlean teanga cuimsitheach d’Iarthar Bhéal Feirste é an taighde, a rinne an Dr. Órla Nig Oirc. Tá Iarthar Bhéal Feirste ar cheann de chúig cheantar ar fud na hÉireann a bhfuil stádas pleanála teanga bainte amach acu taobh amuigh den Ghaeltacht, mar aitheantas ar athbheochan phobail na teanga anseo. Faoi scáth Fís an Phobail, bunaíodh scáthghrúpa darbh ainm ‘Ag Tógáil Clainne le Gaeilge’, atá comhdhéanta d’eagraíochtaí pobail, acadóirí agus tuismitheoirí atá lonnaithe laistigh den cheantar pleanála teanga Iarthar Bhéal Feirste, a bhfuil sé mar aidhm aige muinín agus tacaíocht a chinntiú do theaghlaigh lena saol a chaitheamh trí Ghaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.
Sorcha Ní Chathmhaoil, Comhordaitheoir Tacaíochta Teaghlaigh le Fís an Phobail, a dúirt:
“Tá sé ina eispéireas thar a bheith saibhir dom a bheith ag obair le teaghlaigh ar fud Iarthar Bhéal Feirste atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge. I go leor bealaí, ó thaobh seirbhísí pobail a thugann teaghlaigh le chéile, tá muid ag tús ár n-aistear, rud a fhágann go bhfuil an taighde seo ríthábhachtach dúinn, mar cuideoidh sé linn treoir a thabhairt don tionscadal sna blianta amach romhainn. Tá an t-ádh dearg orainn go bhfuil grúpa dílis tuismitheoirí againn a bhaineann leas as ár seirbhísí agus a bhí tuillte a gcuid ama a thabhairt chun cabhrú leis an taighde corraitheach seo. Ciallaíonn an bonn fianaise agus léargais chriticiúla ó thuismitheoirí agus ó sholáthraithe seirbhíse, agus an cumas atá againn leas a bhaint as saineolas taighdeoirí, gur féidir leis an taighde seo freagraí dearfacha a thabhairt ar na dúshláin atá romhainn mar phobal teanga mionlaithe.”
Dúirt an Dr. Órla Nig Oirc a thug faoin taighde:
“Bhí sé de phléisiúir agam tabhairt faoin phíosa oibre seo bunaithe ar an earnáil teaghlaigh mar chuid de dhul chun cinn Phlean Teanga Iarthar Bhéal Feirste. ba mhór an sult agus tairbhe a bhain mé as na comhráití agus plé a bhí agam le gach rannpháirtí a thug ionchur tábhachtach óna gcuid cleachtais agus taithí san earnáil. Is ionann aistriú teanga sa bhaile agus an réimse is tábhachtaí ach is dúshlánaigh san obair phleanála agus athréimnithe teanga le forbairt ach is tógáil croí é na hiarrachtaí leanúnacha atá ar bun ag Fís an Phobail, i dteannta na heagraíochtaí iontacha pobail agus soláthróirí seirbhísí in Iarthar Bhéal Feirste. Tá an glúin seo de thuismitheoirí spreagúla, a chinn á bpáistí a thógáil trí Ghaeilge, lárnach sna hiarrachtaí leanúnacha pobail inmharthana teanga a chothú anseo. Léiríonn taithí sainiúla s’acu, maraon le tuairimí na heagraíochtaí pobail atá ag obair le seirbhísí riachtanacha a sholáthar, an géarghá le hinfheistíocht leanúnach shuntasach ó ranna reachtúla chun soláthar Gaeilge do na luathbhlianta agus do theaghlaigh a fheabhsú agus a mhéadú.”
Arsa an tOllamh Elin Haf Gurffydd Jones:
“Tá méadú ar an aird idirnáisiúnta atá ar athbheochan na Gaeilge trí thionscnaimh pobail i mBéal Feirste agus sna sé chontae. Is spreagadh iad na gníomhartha leanúnacha de chuid na ngluaiseachtaí sóisialta thar na blianta (go minic i ndroch-choinníollacha) do na heagraíochtaí atá mar chuid den Líonra Eorpach um Chomhionannas Teanga. Sa tuarascáil seo, is léir an tábhacht agus an luach a bhaineann le daoine a cheangail le chéile. Thig linn foghlaim óna chéile i gcomhthéacs ár dteangacha: is é an chloch is mó ar ár bpaidrín sealbhú agus úsáid teanga i measc daoine óga agus ní mór dúinn fios a bheith againn faoi na gnéithe atá ag oibriú i sóisialú cultúrtha agus teangeolaíoch na nglúnta níos óige trí theangacha mionlaithe an oiread céanna leis na scéalta a bhaineann leis an tumoideachas inár dtíortha.”
Le haghaidh tuilleadh eolais:
Ciarán Mac Giolla Bhéin
ciaran@fisanphobail.com
07545293841
Sorcha Ní Chathmhaoil
sorcha@fisanphobail.com
07743273118