Seoladh Plean Teanga Bhaile Seirbhíse Gaeltachta an Chlocháin i gConamara i gContae na Gaillimhe go hoifigiúil le déanaí.

Is í an eagraíocht Forum Connemara atá aitheanta mar cheanneagraíocht pleanála teanga agus a fheidhmeoidh plean teanga an Chlocháin. Is i nDeireadh Fómhair 2021 a cuireadh tús le réiteach an phleain agus tá 36 beart sa phlean teanga chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gceantar an Chlocháin.

Tá ról suntasach ag an mbaile seirbhíse Gaeltachta i soláthar seirbhísí poiblí, saoráidí áineasa, sóisialta agus tráchtála don phobal sna limistéir phleanála teanga ar a bhfreastalaíonn sé. De thoradh air seo, imríonn Bailte Seirbhíse Gaeltachta tionchar suntasach agus dearfach ar stádas na Gaeilge mar theanga pobail agus teaghlaigh i gceantair Ghaeltachta.

Pictiúr ó sheoladh Phlean Teanga an Chlocháin

More News You Might Like

November 4, 2024

Pleanáil Teanga pléite ag Oireachtas na Samhna 2024
leigh nios mo

June 28, 2022

Tús le cur i bhfeidhm plean teanga ceannródaíoch den chéaduair in Iarthar Bhéal Feirste
leigh nios mo

March 13, 2026

Glaoch ar cheanneagraíochtaí do Bhailte Seirbhíse Gaeltachta úra
leigh nios mo

Cláraigh dár Nuachtlitir

chun coinneáil suas chun dáta leis an nuacht agus na himeachtaí is déanaí.

Cláraigh dár Nuachtlitir

chun coinneáil suas chun dáta leis an nuacht agus na himeachtaí is déanaí.
Newsletter Signup
Form Validation

Gaelphobal
Gaelphobal
Gaelphobal