D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta Dara Calleary TD go bhfuil sé beartaithe pleananna teanga cuimsitheacha a ullmhú agus a fheidhmiú do na bailte seo a leanas:

  • Maigh Chromtha, Contae Chorcaí
  • Baile Dhún na nGall, Contae Dhún na nGall
  • An Uaimh, Contae na Mí
  • Baile Átha Buí, Contae na Mí

Feidhmíonn Foras na Gaeilge mar éascaitheoir ar an phróiseas pleanála teanga lasmuigh den Ghaeltacht. Faoi pholasaí pleanála teanga an Rialtais, tá 13 bhaile seirbhíse Gaeltachta ainmnithe ag an Rialtas lasmuigh den Ghaeltacht. Tá na bailte sin aitheanta ag an Rialtas mar bhailte atá lárnach i saol phobal na Gaeltachta. Tá plean teanga 7 bliana le réiteach a chinnteoidh go mbeidh seirbhísí á gcur ar fáil do phobal na Gaeltachta trí Ghaeilge sna bailte sin. Tá pleananna teanga anois á gcur i bhfeidhm in ocht gcinn de na bailte seirbhíse Gaeltachta. Agus an sciar deiridh seo de bhailte ceadaithe ag an Rialtas, cuireann Foras na Gaeilge fáilte roimh iarratais ó aon eagraíocht a bhfuil suim aici plean a ullmhú agus feidhmiú mar cheanneagraíocht le linn an phróisis pleanála teanga.

Dúirt Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge.

“Is céim shuntasach í seo sa phróiseas pleanála teanga lasmuigh den Ghaeltacht agus gach baile a bhí aitheanta mar bhaile féideartha sa chomhairliúchán in 2014 anois ar aistear pleanála teanga. Tá Foras na Gaeilge ag dúil le bheith ag obair leis na ceanneagraíochtaí a cheapfar mar chuid den phróiseas seo chun pleananna teanga láidre cuimsitheacha a dhréachtú do na bailte seo agus tacaíocht a chur ar fáil dóibh le linn an phróisis.”

Ní mór d’eagraíocht a bhfuil suim acu iarratas a dhéanamh le bheith aitheanta mar cheanneagraíocht ar aon cheann de na bailte seo spéis a léiriú trí ríomhphost a sheoladh chuig bsg@forasnagaeilge.ie chun foirm iarratais a iarraidh. Ba chóir foirmeacha líonta a sheoladh ar ais chuig Foras na Gaeilge roimh mheán lae, Dé hAoine 17 Aibreán 2026.

 


Tuilleadh eolais:

  • Feidhmíonn Foras na Gaeilge mar éascaitheoir ar an phróiseas pleanála teanga lasmuigh den Ghaeltacht agus cuireann an eagraíocht tacaíocht ar fáil do bhailte seirbhíse Gaeltachta agus do líonraí Gaeilge.
  • Is éard atá i gceist le baile seirbhíse Gaeltachta ná baile ina bhfuil daonra 1,000 duine ar a laghad atá suite i limistéar pleanála teanga Gaeltachta nó cóngarach dó, agus a bhfuil ról suntasach aige maidir le seirbhísí sóisialta, eacnamaíocha agus fóillíochta a sholáthar do dhaoine sa cheantar sin.
  • Bíonn ceanneagraíocht pleanála teanga freagrach as próiseas pleanála teanga a éascú i limistéar ar leith agus plean teanga a ullmhú bunaithe ar riachtanais an phobail agus a chomhlíonann critéir pleanála teanga mar atá leagtha amach i dTreoirlínte Pleanála Teanga (2020).
  • Leagadh amach na forálacha reachtúla mar a bhaineann le bailte seirbhíse Gaeltachta in Alt 9 d’Acht na Gaeltachta 2012. Aithníodh sé bhaile déag a d’fheadfadh stádas a bhaint amach mar bhailte seirbhíse Gaeltachta in 2014 i ndiaidh próiseas comhairliúcháin a eagraíodh in 2014. Tá tuilleadh eolais maidir le bailte seirbhíse Gaeltachta ar fáil sna Treoirlínte Pleanála Teanga.
  • Is féidir teacht ar tuilleadh eolais maidir leis an obair reatha atá ar siúl ag bailte seirbhíse Gaeltachta atá faoi stiúir Fhoras na Gaeilge a aimsiú anseo.

More News You Might Like

June 29, 2022

Foghlaim níos mó faoi Ghaelphobal Chathair na Gaillimhe
leigh nios mo

December 1, 2025

Plean Teanga Bhaile an Róba ceadaithe ag Aire Calleary
leigh nios mo

October 7, 2024

Folúntas: Oifigeach Pleanála Teanga de dhíth in Inis
leigh nios mo

Cláraigh dár Nuachtlitir

chun coinneáil suas chun dáta leis an nuacht agus na himeachtaí is déanaí.

Cláraigh dár Nuachtlitir

chun coinneáil suas chun dáta leis an nuacht agus na himeachtaí is déanaí.
Newsletter Signup
Form Validation

Gaelphobal
Gaelphobal
Gaelphobal