Tá baile Dhún Garbhán i gContae Phort Láirge aitheanta go hoifigiúil anois mar bhaile seirbhíse
Gaeltachta. Is é plean teanga Dhún Garbhán an naoú plean teanga atá ceadaithe do ghrúpa pleanála
teanga taobh amuigh den Ghaeltacht agus cuirfear tús anois le cur i bhfeidhm an phlean teanga thar
tréimhse seacht mbliana amach romhainn.

 

Is é Dún Garbhán le Gaeilge an cheanneagraíocht ar an bpróiseas pleanála teanga sa bhaile agus
rinneadh cuid mhór taighde agus comhairliúcháin ag leibhéal an phobail le plean teanga a ullmhú le
cur leis an nGaeilge i nDún Garbhán. Thug Foras na Gaeilge tacaíocht do Dhún Garbhán le Gaeilge le
linn an phróisis seo, mar a thugtar do bhailte seirbhíse Gaeltachta agus do líonraí Gaeilge taobh
amuigh den Ghaeltacht fud fad an oileáin.

Dúirt Breandán Mac Craith, Stiúrthóir Seirbhísí Forbartha le Foras na Gaeilge, “Tá na Gaelphobail ag
fás! Is iontach an rud é an dul chun cinn atá déanta i mbaile Dhún Garbhán a fheiceáil agus is cúis
sásaimh é dúinn ceadú an phlean teanga seo a fheiceáil agus bheith in ann tacú le Dún Garbhán le
Gaeilge an plean teanga seo a chur i bhfeidhm. Léiríonn ráth an fheachtais Ghaelphobal le roinnt
seachtainí anuas go bhfuil an-suim ag pobail tuilleadh Gaeilge a fheiceáil, a chloisteáil agus a labhairt
ina gceantar féin agus is é baile Dhún Garbhán an chéad cheantar eile a thabharfaidh faoin aistear
seo.”

Tá an plean teanga anois ceadaithe ag an Aire Stáit Jack Chambers, rud a chiallaíonn go gcuirfear tús
le cur i bhfeidhm an phlean teanga. Mar chuid de seo, beidh deis ag Dún Garbhán le Gaeilge
oifigeach pleanála teanga a cheapadh le comhordú a dhéanamh ar bhearta an phlean teanga a chur i
bhfeidhm.
Tá pobail ó Leitir Ceanainn, Béal Feirste, Gaillimh, Baile Locha Riach, Carn Tóchair, Cluain Dolcáin
agus Inis gníomhach san fheachtas bríomhar seo. Le pleananna ceadaithe anois i dTrá Lí agus i nDún
Garbhán, tá borradh ag teacht ar na Gaelphobail seo fud fad an oileáin.

Cláraigh dár Nuachtlitir

chun coinneáil suas chun dáta leis an nuacht agus na himeachtaí is déanaí.

Cláraigh dár Nuachtlitir

chun coinneáil suas chun dáta leis an nuacht agus na himeachtaí is déanaí.
Newsletter Signup
Form Validation

Gaelphobal
Gaelphobal
Gaelphobal