Ar an 19 Meitheamh eagraíodh cruinniú d’Fhóram Pleanála Teanga na nÚdarás Áitiúil. Ar an fhóram seo suíonn na Príomhoifigigh ó na húdaráis áitiúla ina bhfuil próiseas pleanála teanga ar siúl iontu (.i. ceantar ina bhfuil Líonra Gaeilge, Baile Seirbhíse Gaeltachta nó Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta). Déanann Foras na Gaeile agus Údarás na Gaeltachta comh-chathaoirleacht ar an fhóram seo, a thugann deis do na húdaráis áitiúla plé a dhéanamh ar cheisteanna comónta a bhaineann leis an phleanáil teanga agus faoi dheiseanna comhoibrithe atá ann chun tacú leis an phróiseas.

Le linn an chruinniú, labhair Brian Ó Gaibhín, Bainisteoir Áras Chrónáin, ar an tábhacht a bhaineann le lárionaid Ghaeilge agus na deiseanna a chruthaíonn siad do phobail Ghaeilge.

Chomh maith leis sin, labhair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta Dara Calleary leis an fhóram agus rinneadh plé ar réimse leathan ceisteanna a bhaineann leis an Ghaeilge, le ceisteanna tithíochta, leis na phleanáil teanga agus le soláthar seirbhíse trí mheán na Gaeilge sna húdaráis áitiúla.

More News You Might Like

September 16, 2024

Folúntas mar Oifigeach Pleanála Teanga i dTrá Lí
leigh nios mo

July 21, 2022

Fógraíonn an tAire Stáit Chambers Plean Teanga Chaisleán an Bharraigh
leigh nios mo

June 20, 2022

Caitheann Gaelphobal solas ar phobail bheoga Ghaeilge ar fud na tíre
leigh nios mo

Cláraigh dár Nuachtlitir

chun coinneáil suas chun dáta leis an nuacht agus na himeachtaí is déanaí.

Cláraigh dár Nuachtlitir

chun coinneáil suas chun dáta leis an nuacht agus na himeachtaí is déanaí.
Newsletter Signup
Form Validation

Gaelphobal
Gaelphobal
Gaelphobal