Tá Foras na Gaeilge sásta a fhógairt go bhfuil sraith podchraoltaí ar an phleanáil teanga le heisiúint go luath.

Curtha i láthair ag Comhordaitheoir Pleanála Teanga Fhoras na Gaeilge, sraith comhráite atá ann le daoine atá ag obair san earnáil pleanála teanga ar bhealaí éagsúla. Déantar plé ar ábhair éagsúla le taighdeoirí, pleanálaí, baill coiste agus saineolaithe eile. Caitear solas ar an phróiseas pleanála teanga i líonraí Gaeilge, bailte seirbhíse Gaeltachta agus i limistéar pleanála teanga Gaeltachta.

Maireann gach clár sa sraith idir 30 agus 45 nóiméad agus tugann an t-am seo deis ag na rannpháirtí plé cuimsitheach a dhéanamh ar cheisteanna éagsúla a thagann aníos, na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann leis an phróiseas pleanála teanga, an dul chun cinn atá á dhéanamh ag grúpaí i láthair na huaire agus go leor eile.

Eiseofar clár amháin in aghaidh na seachtaine agus beidh an sraith ar fáil i ngach áit a fhaigheann daoine a gcuid podchraoltaí de ghnáth.

Cláraigh dár Nuachtlitir

chun coinneáil suas chun dáta leis an nuacht agus na himeachtaí is déanaí.

Cláraigh dár Nuachtlitir

chun coinneáil suas chun dáta leis an nuacht agus na himeachtaí is déanaí.
Newsletter Signup
Form Validation

Gaelphobal
Gaelphobal
Gaelphobal