Sraith físeán faoi na Bailte Seirbhíse Gaeltachta seolta ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD
Sheol an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary, sraith gearrfhíseáin úrdhéanta a léiríonn obair thábhachtach na pleanála teanga sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta: an Clochán, Caisleán an Bharraigh, Cathair Saidhbhín, Dún Garbhán agus Trá Lí ag Oireachtas na Samhna i mbliana. Taispeánadh na físeáin den chéad uair le linn na hócáide agus tá an tsraith iomlán ar fáil anois mar chuid de shraith físeáin ardaithe feasachta ó Ghaelphobal.
“Is é an próiseas pleanála teanga an creat do gach rud a dhéanann Foras na Gaeilge le tacú le forbairt na Gaeilge ag leibhéal an phobail. Cuideoidh na físeáin seo go mór le cur leis an eolas sa ghnáthphobal i leith na pleanála teanga, agus tabharfaidh siad misneach do na daoine atá ag obair ar na coistí éagsúla ag iarraidh an próiseas pleanála teanga a stiúradh sna bailte seo.” Regina Uí Chollatáin, Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge.