D’eagraigh An Clár as Gaeilge, atá mar cheanneagraíocht ar an phróiseas pleanála teanga in Inis, seoladh ar ‘Inis Dom’ le déanaí, togra a spreagann gnólachtaí agus an phobal a gcuid Gaeilge a úsáid agus iad i mbun gnó.
Tá sé mar aidhm leis an tionscnamh aird a tharraingt ar na buntáistí cultúrtha agus eacnamaíochta a bhaineann le húsáid na Gaeilge sa ghnó. Tá Inis Dom ag fáil tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge faoin Scéim Tacaíochta Gnó, a chuireann maoiniú ar fáil do chomharthaíocht dhátheangach agus d’acmhainní chun cabhrú le gnólachtaí an Ghaeilge a úsáid. Tá an tionscadal ag fáil tacaíocht ó Ghlór na nGael, ó Chomhlachas Tráchtála Inse, ó Ennis 2040 agus ó Oifig Fiontair Áitiúil an Chláir chomh maith.
Tá sé saor in aisce do ghnólachtaí a bheith páirteach, agus cuirtear tacaíocht phearsantaithe ar fáil chun cabhrú leo an Ghaeilge a chur i bhfeidhm ina gcuid oibríochtaí. Chun páirt a ghlacadh sa tionscnamh agus tacaíocht a fháil do do ghnó, déan teagmháil le: anclarasgaeilge@gmail.com
Tá tuilleadh eolais faoi Inis Dom ar fáil anseo: https://www.anclarasgaeilge.net/ga/gno/inis-dom





